An difríocht idir athruithe ar: "Cailleach"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 03:28, 20 Nollaig 2005

"Seanbhean" is bunbhrí leis an bhfocal cailleach, ach ciallaíonn sé freisin bean draíochta a mhallaíonn daoine, ainmhíthe, agus plandaí. Pléifidh an t-alt seo an chailleach draíochta. Cé gur féidir leis an gcailleach leas a bhaint as an drochshúil, is mó a luaitear an chailleach le bainne a ghoid. De réir an tseanchais, is féidir leis an gcailleach riocht giorria a chur uirthi féin. Faoin riocht seo, téann an chailleach isteach i mbuailte na gcomharsan, áit a súnn sí an bainne ó na beithigh. De réir scéalta eile, is féidir leis an gcailleach an bainne a ghoid trí ortha a rá nó ar bhealaí éagsúla eile. Cé go bhfuil baint ag an athrú reachta le hadhlacadh an áibhirseora i dtraidisiún eaglasta na Laidine, breathnaíonn sé nach mar sin a bhí an scéal in Éirinn. Ní luaitear an diabhal leis an gcailleach de ghnáth sna finnscéalta.

Ó thaobh na socheolaíochta de, is léir ón bhfianaise gur baol go bhféadfaí draíocht a chur i leith aon seanmhná aonair neamhphósta dá dtiocfadh laghdú ar an méid bainne a bhí beithigh an pharóiste a thabhairt. Ar ndóigh, is dócha gur galar seachas draíocht a bhí ag cur isteach ar na beithigh ach is iad seanmhná an pharóiste a cuireadh faoi amhras. Ní minic a teilgeadh mná chun báis de réir na draíochta, áfach. Bhí na comharsana ar goideadh a gcuid bainne ag iarraidh go bhfillfeadh an bainne; níor theastaigh uathu bás na caillí.

Creideadh i gcailleacha go forleathan ar fud na hÉireann agus na hEorpa go dtí tús an 20ú haois, agus creideann neart daoine iontu go fóill sa tríú domhan.