An difríocht idir athruithe ar: "Fear dearg"

Content deleted Content added
alt nua a bhféadfaí cur leis
(No difference)

Leagan ó 15:48, 20 Nollaig 2005

Duine den lucht is ea é an fear dearg. Tá méid ollmhór ann agus tá cuma dhearg air ó bhonn go barr, cé nach gcuirtear béim mhór ar an dath sna scéalta a bhaineann leis, murab ionann is an "Green Man" as Gawain and the Green Knight, an scéal Béarla ón Meán-aois. Taibhríonn an fear dearg do thaistealaithe bóthair i lár na hoíche. Go minic, bíonn an fear dearg ag iompar corpáin ar a dhroim i dtreo reilige, agus cuireann sé d'fhiacha ar an taistealaí daonna mí-ámharach an corpán a iompar in éindí leis. Nuair a chuirtear an corpán ar dhroim an taistealaí, áfach, tosaíonn an corpán ag labhairt agus ag tathaint ar an taistealaí deifriú. De ghnáth, éiríonn leis an taistealaí an corpán a bhaint dá dhroim ar bhealach éigin, agus saortar é.

Síolraíonn scéalta faoin bhfear dearg aníos ó luath-ré na litríochta Gaeilge. Sa scéal Toghail Bruíne Dá Dearga, ar cumadh a bhunús roimh AD 900, deirtear gur geis leis an rí Conaire Mór mac Eidirsceoil teacht isteach in aon teach a bhfuil fear dearg tar éis dul isteach ann. Nuair a bhriseann an rí an gheis, maraítear i luíochán é.