An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
→‎Stair: tuilleadh eolais
Tuilleadh eolais
Líne 24:
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Chaisleáin Uí Chonaill, an taon paróiste amháin sa chontae gur chuid de Dheoise Chill Dálua é, ar bhruach thoir [[An tSionainn|na SionnainneSionainne]] i dTuaisceart [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 10km soir ó thuaidh ó lár [[Luimneach|Chathair Luimnigh]] ar [[N7|bhóthar Bhaile Átha Cliath]]. Tagann formhór dá imreoirí óas bhailebaile Caisleán Uí Chonaill, as sráidbhaile Montpelier agus óas na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios na Graí, Baile an Bharraigh, Átháin agus Guaig.
 
==Cluichí==
Imrítear an [[iománaíocht|iomáint]] agus an [[peil Ghaelach|peilpheil]] in Átháin ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir i dtreo na hiomána óna bhunú.
 
==Stair==
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúl [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], bhí traidisiún bríomhar iomána sa limistéar díreach soir ón g[[Luimneach|cathair]]. I measc na gclubanna ba láidre sa chontae le linn blianta deiridh an 19ú déag, bhí dhá cheann ó pharóiste Caisleán Uí Chonaill, ''Caisleán Uí Chonaill'' agus ''Cnoc na Sailí''. D'éirigh leis an mbeirt acu [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] a bhuachaint, Cnoc na Sailí i ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Ráth Caola|Abrahamaigh Ráth Caola]] sa bhliain 1900, agus Caisleán Uí Chonaill nuair a fuaradar an lámh in uachtar ar [[CLG Cromadh|Chromadh]] i gcluiche ceannais na bliana 1909.
 
Tagann an chéad tuairisc nuachtáin faoi imirt na gcluichí Gaelacha sa pharóiste ó Mhí Nollaig na bliana 1887 nuair a chaill Caisleán Uí Chonaill cluiche ceannais Comórtas Iomána [[CLG Áth an Mhuilinn (Luimneach)|Chill Mhuire]] i gcoinne [[CLG Saor Theas]]. Tá tagairt eile ann do chluiche iomána sa bhliain 1895 i gCill Mhuire arís inar bhuaigh [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] ar fhoireann dárbh ainm di ''Átháin''. Bhí foireann peile sa cheanntar ag an am gcéanna faoin ainm ''Áth na Coite'', a bhí suite i leath-pharóiste [[CLG Móin a' Lín|Mhóin a' Lín]] agus tháinig roinnt dá imreoirí as paróiste Chaisleán Uí Chonaill. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar go léir as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[An Chéad Cogadh Domhanda]].
 
Bunaíodh club an lae inniu ann sa bhliain 1926. Ós rud é go raibh an-chuid daoine ag teacht isteach sa pharóiste le linn togáil stáisiún ginnte hidrileictreach Ard na Croise ag an am, d’fhás club Átháin go tapaidh agus i gcionn ach dha bhliana, bhí Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh gafa acu nuair a sháraíoadar ar [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Chill Mhíde]] i gcluiche ceannais na bliana 1928. I ndiaidh dóibh buachaint ar [[CLG Brú Rí|Bhrú Rí]] sa chomórtas chéanna sa bhliain 1930, thosnaíodar ag imirt sa phríomhghrád, áit ina bhfuilid ann fós gan stad ó shin i leith.