2,648
edits
(→Stair: tuilleadh eolais) |
(→Stair: tuilleadh eolais) |
||
==Stair==
Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheanntar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dti an bliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Mainistir na Féile]], [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]] agus Máigh Mheáin i g[[Contae Chiarraí]].
Ós rud é go raibh foireann an-láidir ag Mainistir na Féile le linn blianta na 1900í agus na 1910í, mealladh roinnt des na himreoirí ab fhearr chucu ó na paróistí lámh leo. Ina measc siúd bhí Áth an tSléibhe agus níor éirigh go maith leis an gclub nua sna blianta díreach i ndiaidh a bhunú.
D’athraigh an scéal nuair a bhuadar cluiche ceannais an Iarthair chun cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh na blian 1919 a shroichint ach níor imríodh é de dheasca na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]]. Bhí ar Áth an tSléibhe fanacht go dti nn bhliain 1937 sular tháinig an deis arís chucu. Ach d’ainneoin Craobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain sin i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar [[CLG Baile Stiabhana|Bhaile Stiabhana]] agus arís sna blianta 1948 agus 1949, níor shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh go dti an bhliain dár gcionn nuair a buadar ar Sháirséalaigh an Chonartha.
|
edits