An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
m →‎Imreoirí Cáiliúile: tuilleadh eolais
m →‎Stair: Íomhá
Líne 38:
Ní raibh orthu fanacht ach bliain amháin sula raibh [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|craobh iomána sinsear an chontae]] ina seilbh don chéad uair tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar [[CLG Cromadh|Chromadh]]. B’iad blianta na 1930í ní amháin ré órga iomána Átháin ach ré órga iomána Luimnigh chomh maith. Idir na blianta 1931 agus 1948, tháinig corn an chontae cúig uair déag ar ais go dti an paróiste. Le linn an trátha chéanna, bhuaigh Luimneach [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] sna blianta 1934, 1936 agus 1940 agus b’as Átháin beagnach leath na fóirne ar gach ócáid.
 
[[Íomhá:Cosgrave3.jpg|thumb|200px|Dealbh cuimhneachán [[Seán de Paor]] (1916-1994) in Áth na Coite]]
Ag tús a réimis, ba iad Éire Óg príomh-iomaitheoirí Átháin ach, aisteach le rá, níor chas an beirt acu riamh orthu féin i gcluiche ceannais sinsear an chontae. Bhuaigh an club as Caisleán Uí Chonaill ar [[CLG Cill Díoma|Chill Díoma]] i gluichi ceannais na bliana 1934 agus 1935 ach, ina dhiaidh sin, ba sna cluichí idir Átháin agus Cromadh an coimhlint ba ghéire i gcúrsaí iomána Luimnigh. Thagadh sluaite móra chun féachaint orthu agus bhí blas iomaíocht polaitiúil an ama eatharthu chomh maith. Bhí bá ag cuid de lucht leanúna Átháin leis an [[IRA]] agus agus cuid lucht leanúna Cromadh leis Na Léinte Gorma.