An difríocht idir athruithe ar: "CLG Dún Bleisce"

Content deleted Content added
→‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 32:
Fiú amháin roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]], imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]], [[CLG Saor Theas|Saor Theas]], [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]], [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]] agus [[CLG An Cheapach Mhór|An Cheapach Mhór]] a tháinig ar dtús chun tosaigh. Bunaíodh Dún Bleisce sa bhliain 1888 agus ghlacadar páirt i gcomórtaisí a eagraíodh in Oirthear Chontae Luimnigh agus Iarthar [[Contae Thiobraid Árann|Chontae Thiobraid Árann]] le linn blianta deiridh an 19ú aois ach ach ba chlub beag iomána i measc na bhfathach é le linn an tréimhse sin.
 
D'imríodar an pheil chomh maith sa am sin ach, mar an gcéanna leis an iomáint, bhí clubanna láidre ar nós [[CLG Úlla|Úlla]] agus [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] ar bhéal an dorais. Níl aon tuairisc ann faoi imirt ne hiomána nó na peile le linn na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus, mar an gcéanna lena lán clubanna eile sa chontae um an dtace sin, is ar éigincosúil go raibh an club neamh-ghníomhach ar feadh roinnt blianta.
 
Nuair ath-thosníodh na craobhacha i ndiaidh teacht na síochána, ba sa pheil a d'éirigh le Dún Bleisce ar dtús. Bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928 i ndiaidh dóibh [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Caisleán Uí Mhathúna]] a chloí sa chluiche ceannais.