An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cnoc an Doire (Luimneach)"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 23:
 
==Suíomh==
Tá an club bunaithe i bparóiste Cnoc an Doire/Cluain Cath in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] idir [[An Caisleán Nua Thiar]] agus Baile an Gharrdha, 40km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaileshráidbhailte Cnoc an Doire agus Cluain Cath agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cluain Cath, Lios an Uisce, Áith Liní agus Ráth Bhroíle.
 
==Cluichí==
Cé go bhfuil traidisiún naan hiománaiomána níos láidre sa pharóiste, imrítear an [[peil Ghaelach|pheilpeil]] agus an [[iománaíocht|iomáinthiomáint]] i gCnoc an Doire. Tá béim an chluib dírithe go láidir i dtreo na hiomána.
 
==Stair==
Bhí an iomáint ag leathnú siar trí Chontae Luimnigh nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt i nidiadh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]] sa bhliain 1884. Eagraíodh fóirne ar dtús sna bailte margaidh ar nós [[Cromadh]], [[An Brú|Brú na Déise]], Baile an Gharrdha agus [[An Caisleán Nua Thiar]] agus, ina dhiaidh sin, sna paróistí tuaithe máguaird. Thosnaigh iománaithe Cnoc an Doire ag teacht le chéile chun imirt i gcoinne a gcomharsanna agus, sa bhliain 1887, bunaíodh club sa pharóiste faoin ainm ''Peadar Ó Néill Ó Cruadhlaíoch'' i cuimhne [[Bráithreachas na Poblachta|FhiníneachFhínínigh]] cháiliúil na háite.
 
Ghlac an club páirt i gcomórtaisí a egraíodh i lár agus in iarthar an chontae le linn blianta na 1880í agus na 1890í agus is ar éigin go rabhadar ag imirt faoin ainm ''Cluain CathaCath'' nuair a thosnaíodar ag imirt i gcraobhacha oifigiúile an chontae. Tá tuairiscí ann ón mbliain 1903 faoi chluichí iomána agus peile a chailleadar i gcoinne [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|FíonachFíodhnach]] i gcomtóras FíonachFíodhnach. Tháinig feabhas ar an iomáint sa pharóiste ina dhiaidh sin agus bhí an club ag imirt faoin ainm ''Cnoc an Doire'' sa bhliain 1911 nuair a bhuaigh [[CLG Ráth Caola|Ráth Caola]] orthu i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh.
 
Tá tuairisc ann faoi chluiche i gcomórtas iomána [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Na Feothanaí]] a imríodh ar [[Éirí Amach na Cásca|Dhomhnach Cásca na bliana 1916]] inar bhuaigh [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Cill Mhíde]] ar orthu ach cuireadh ba bheag iomáint a d’imríodar sna blianta díreach ina dhiaidh sin de dheasca na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus ba chlub iomána sóisear é Cnoc an Doire nuair a ath-thosnaíodh craobhacha an chontae le teacht na síochána.
 
Tháinig foireann láidir chun chin le linn blianta na 1920í agus, i ndiaidh dóibh buachaint ar Ráth Caola chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair na bliana 1929 a ghabháil, shroicheadar cluiche ceannais an chontae ach chailleadar i gcoinne [[CLG Clochán (Luimneach)|Clochán]]. Buadh Craobh an Iarthair arís sna blianta 1931 agus 1936 ach, nuair a d’éirigh imreoirí na glúine sin as an imirt, tháinig cúlú ar iomáint Chnoc an Doire.
 
Níor chuireadar fóirne da gcuid féin ar an bpáirc idir na blianta 1943 agus 1946 nuair a thángadar le chéile le Ráth Caola faoin ainm ''An Drom Ard/Ráth Caola'' chun páirt a ghlacadh i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Iomána Sinsear an Chontae]]. Bhíodar ar ais ag imirt ina naonar sa bhliain 1947 nuair a bhuadar ar [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair a ghabháil don cheathrú uair. Leanadar ar aghaidh i Mí Shamhna na bliana céanna chun sárú ar [[CLG Brú na Déise|Bhrú na Déise]] i gcluiche ceannais Craobh an Chontae.
 
Ba chlub iomána sinsear iad idir na blianta 1948 agus 1952 ach ní raibh a dhóthain imreoirí acu chun fanacht sa phríomghrád. I ndiaidh dóibh filleadh ar an ngrád sóisear, thosnaigh a gcomharsanna [[CLG Fíodhnach/Cill Mhíde|Fíonach/Cill Mhíde]], [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Greanach Baile an Gharrdha]] agus [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] chun chin, mhealladar imreoirí ó Chnoc an Doire agus thit an club as a chéile sna grádanna fásta idir na blianta 1959 agus 1965. Ach bhí an obair á dhéanamh acu sna grádanna óga agus, i ndiaidh dóibh filleadh ar an iomáint sóisear, bhuadar Craobh Iarthair na bliana 1967.
 
Toisc go raibh fóirne iomána láidre ar nós [[CLG Cill Íde|Cill Íde]] agus [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]] san Iarthar ag an am gcéanna, níor éirigh leis an nglún sin tuilleadh a bhuachaint.
 
==Páirc Imirthe==
Tá páirc imirthe an chluib suite 100m ó dheas ó phríomhshráid sráidbaile Cnoc an Doire taobh thiar d’Oifig an Phoist. Ba pháirc an phobail í nuair thosnaigh Cnoc an Doire ag imirt inti sa bhliain 1936 ach ceannaíodh í sular chothromaíodh an dromchla imirthe timpeall na bliana 1980. Osclaíodh go hoifigiúil í sa bhlian 1986.
 
==Imreoirí Cáiliúile==