An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cnoc an Doire (Luimneach)"

Content deleted Content added
→‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 37:
Tháinig foireann láidir chun chin le linn blianta na 1920í agus, i ndiaidh dóibh buachaint ar Ráth Caola chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair na bliana 1929 a ghabháil, shroicheadar cluiche ceannais an chontae ach chailleadar i gcoinne [[CLG Clochán (Luimneach)|Clochán]]. Buadh Craobh an Iarthair arís sna blianta 1931 agus 1936 ach, nuair a d’éirigh imreoirí na glúine sin as an imirt, tháinig cúlú ar iomáint Chnoc an Doire.
 
Níor chuireadar fóirne da gcuid féin ar an bpáirc idir na blianta 1943 agus 1946 nuair a thángadar le chéile le Ráth Caola faoin ainm ''An Drom Ard/Ráth Caola'' chun páirt a ghlacadh i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Iomána Sinsear an Chontae]]. Bhíodar ar ais ag imirt ina naonar sa bhliain 1947 nuair a bhuadar ar [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] chun Craobh Iomána Sóisear an Iarthair a ghabháil don cheathrú uair. Leanadar ar aghaidh i Mí Shamhna na bliana céanna chun sárú ar [[CLG Brú na Déise|Bhrú na Déise]] i gcluiche ceannais Craobh an Chontae.
 
Ba chlub iomána sinsear iad idir na blianta 1948 agus 1952 ach ní raibh a dhóthain imreoirí acu chun fanacht sa phríomghrád. I ndiaidh dóibh filleadh ar an ngrád sóisear, thosnaigh a gcomharsanna [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Fíonach/Cill Mhíde]], [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Greanach Baile an Gharrdha]] agus [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] chun chin, mhealladar imreoirí ó Chnoc an Doire agus thit an club as a chéile sna grádanna fásta idir na blianta 1959 agus 19651964. Ach bhí an obair á dhéanamh acu sna grádanna óga agus, i ndiaidh dóibh filleadh ar an iomáint sóisear, bhuadar Craobh Iarthair na bliana 1967.
 
Toisc go raibh fóirne iomána láidre ar nós [[CLG Cill Íde|Cill Íde]] agus [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]] san Iarthar ag an am gcéanna, níor éirigh leis an nglún sin tuilleadh a bhuachaint. Cé gur shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Iarthair sna blianta 1974, 1977, 1993, 1995 agus 2002, bhíodh club eile ag teacht chun chinn ag an am gcéanna i gcónaí agus bhí ar Chnoc an Doire fanacht go dti an bhliain 2004 sular tháinig éirigh leo faoi dheiridh. Nuair a bhuadar ar [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An Ospidéal/Cathair Fuinse]] i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae, d’éiríodar as an ngrád sin don chéad uair i leath-chéad bliain.
 
Ós rud é go raibh an béim dírithe i gcónaí ar an iomáint, cuireadh iarracht isteach sa pheil ach amháin sna blianta sin inar bhuadh ar an bhfoireann iomána go luath. D’éirigh leo ó am go ham i gCraobh Peile Sóisear B an Iarthair agus bhí foireann sách-láidir ag Cnoc an Doire le linn blianta na 1990í. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae na bliana 1998 i ndiaidh athimirt i gcoinne [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] ach, nuair a thángadar ar ais sa bhliain dár gcionn, bhuadar ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] chun an teideal a ghabháil. D’imríodar sa ghrád sóisear A ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh dóibh titim ar ais go dti an bunghrád, bhuaigh [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] orthu i cluiche ceannais an chontae sa bhliain 2005.
 
==Páirc Imirthe==