An difríocht idir athruithe ar: "Toussaint Louverture"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 9:
Chuaigh Réabhlóid na Fraince i bhfeidhm go mór ar Haití. Bhí na huaisle áitiúla ag cuimhneamh ar neamhspleáchas, agus bhí an ísealaicme ag cuimhneamh ar chothroime. Sa bhliain 1791 d'éirigh daoir an tuaiscirt amach agus chuaigh Toussaint i bpáirt leis na Spáinnigh in oirthear na oileáin, dream a mhúin an tsaighdiúireacht dó. Rug sé an chraobh leis arís agus arís agus trí mhíle fear á leanúint, agus rinneadh ginearál de. Tháinig sé slán ó chomhcheilg agus sa bhliain 1774 thaobhaigh le húdaráis réabhlóideacha a tháinig ón bhFrainc. Idir an dá linn rinne reisimintí Briotanacha agus Spáinneacha ionradh ar an oileán, agus ríogaithe bána ag cabhrú leo. Bhuaigh sé ar na Spáinnigh agus ceapadh é mar leifteanantghinearál in Arm na Fraince.
Bhí Toussaint ag troid i gcónaí le hArm na Breataine, ach sa bhliain 1798 thréig siad an t-oileán, agus bheartaigh Toussaint ar dhul i réim mar an t-aon cheannaire amháin. Bhuail sé a choimhlinteoirí sa bhliain 1799 agus ghabh an chuid Spáinneach den oileán sa bhliain 1801. Ar 9 Bealtaine 1801 d’fhógair sé bunreacht neamhspleáchais a thug lánchumhacht dó lena shaol.
[[Image:Maitland and Louverture.jpg|thumb|left|Toussaint ag bualadh leis an nGinearál Sasanach Maitland roimh d'Arm na Breataine imeacht.]]
 
Chealaigh na Francaigh an daoirse sa bhliain 1793, rud a d’fhógair Toussaint féin cibé áit a ndeachaigh sé. Mar sin féin, rinne sé na plandálacha a chur ar siúl arís agus é ag iarraidh ar na coilínigh a theith a theacht ar ais. Chun an geilleagar a athneartú d’fhógair sé sa bhliain 1801 go mbeadh ar oibrithe gorma dul ag obair arís sna plandálacha, rud a spreag achrainn.