An difríocht idir athruithe ar: "Sraithmharfóir"

Content deleted Content added
No edit summary
m Nasc
Líne 1:
Is éard is '''sraithmharfóir''' ann ná duine a bhfuil triúr daoine, ar a laghad, maraithe aige ar mhaithe le sult agus sásamh [[Síceolaíocht|síceolaíoch]], agus tréimhse sách fada scíthe idir gach dhá [[dúnmharú|dhúnmharú]]. Is é sin, bíonn sé ag marú duine i ndiaidh duine go tráthrialta. Bíonn [[Neamhord pearsantachta|neamhord frithshóisialta pearsantachta]] de chineál éigin ag luí ar na sraithmharfóirí go léir, ach má bhíonn féin, is annamh is féidir [[síceapaite]] i gciall cheart an téarma a chur ina leith. Ní bhíonn siad ina síocóisigh, áfach - is é sin, ní aithneofá ar dhuine acu gur "fear buile" atá agat ansin. A mhalairt ar fad, is féidir leo "púicín na slánchéille" a chur orthu féin. Is minic a bhaineann siad sult collaí de chineál éigin as a gcuid gníomhartha. De ghnáth, is féidir scéim éigin a aithint ar na dúnmharuithe a dhéanann an sraithmharfóir - bíonn na híobartaigh cosúil le chéile, nó tugann an ciontóir an íde chéanna do gach corpán, mar shampla.
 
Dealraíonn sé gur cumadh an focal féin "sraithmharfóir" (Béarla: ''serial killer'') thiar sna [[1970idí|seachtóidí]], nuair a bhí sraithmharfóirí míchlúiteacha cosúil le Ted Bundy agus David Berkowitz i mbéal an phobail. Is dócha gur gníomhaire de chuid an [[FBI]] a cheap an téarma - b'fhéidir Robert Ressler, a bhí sáite ina lán fiosruithe faoi shraithmharfóirí, go háirithe cásanna [[Jeffrey Dahmer]] agus Richard Chase.