An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
Merge refs sections / standardise header titles / bullet-list internal link list
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 9:
Tháinig Éire faoi anáil chultúir mhóra ábhartha na hEorpa: thosaigh an Chré-Umhaois ann timpeall 2500 RC agus thosaigh an tIarannaois timpeall 800 RC. Ba ghnách riamh úsáid an iarrainn a chur i leith na gCeilteach de bharr iarsmaí a fuarthas i lár na hEorpa agus iad chomh sean le 8000 RC, ach is beag fianaise atá le fáil ar ionradh Ceilteach, agus is mó an trácht a dhéantar anois ar idirleathnú teicneolaíoch ná ar idirleathnú pobail. Tá le tuiscint as sin nach gá teacht na nGael agus déanamh na n-earraí iarainn a chomhcheangal le chéile, d'ainneoin na bhfinscéalta a chuireann síos ar ionraí aniar.
 
Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach.
Bhí comharthaí cultúrtha eile ann ar na tréimhsí úd. Sa Chré-Umhaois tháinig tuamaí aonair in áit na n-olltuamaí pobail a bhí ann ón ré Mhéasailiotach amach. Bhí líneáil de leaca cloiche laistigh de na tuamaí nua agus soithígh mhaiseacha iontu, agus tá na cairn le feiceáil fós. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre.
 
Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach, agus leachtanna móra á dtógáil. Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre.
 
Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine.<ref>Féach Mitchell, Ryan, Nolan agus E. Estyn Evans thíos i ngeall ar chúrsaí tíreolaíochta agus dúchais.</ref>