An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Image:MapC2.JPG|thumb|right]]
'''Gaeil''' a tugadh riamh ar bhunmhuintir na hÉireann, na hAlban (''na Gàidheil'') agus Mhanann, agus é le tuiscint go raibh saghas éigin Gaeilge á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó ''Goídil'' (gοi:δil') na seanGhaeilge. (D'fhéadfadh siúd teacht ón ainm a thug na Breatnaigh ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.)<ref>Féach Dillon agus Chadwick thíos agus iad ag plé stair thosaigh na gcríoch Ceilteach.</ref>
 
Is fada na Gaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.
====Éire====
Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine Méasailiotacha chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina gcnuasaitheoirí. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine Neoiliotacha agus iad ina bhfeirmeoirí. Thug siad caoirigh, gabhair, beithígh agus barra (go háirithe cruithneacht agus eorna) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn.<ref>Féach bunsaothar Renfrew thíos, agus é ag plé chomhleathnú na curadóireachta agus na hInd-Eorpaise.</ref>
 
Tháinig Éire faoi anáil chultúir mhóra ábhartha na hEorpa: thosaigh an Chré-Umhaois ann timpeall 2500 RC agus thosaigh an tIarannaois timpeall 800 RC. Ba ghnách riamh úsáid an iarrainn a chur i leith na gCeilteach de bharr iarsmaí a fuarthas i lár na hEorpa agus iad chomh sean le 8000 RC, ach is beag fianaise atá le fáil ar ionradh Ceilteach, agus is mó an trácht a dhéantar anois ar idirleathnú teicneolaíoch ná ar idirleathnú pobail. Tá le tuiscint as sin nach gá teacht na nGael agus déanamh na n-earraí iarainn a chomhcheangal le chéile, d'ainneoin na bhfinscéalta a chuireann síos ar ionraí aniar.
Líne 16:
Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine.<ref>Féach Mitchell agus Ryan, Nolan, agus E. Estyn Evans i ngeall ar chúrsaí tíreolaíochta agus dúchais.</ref>
 
Tá rian na seandachta ar chuid mhaith de na logainmneacha freisin,<ref>Féach Room thíos.</ref> rud eile a chuireann an leanúnachas in iúl.
 
====Manainn====
Líne 28:
[[Image:Alexander III and Ollamh Rígh.JPG|thumb|left|300px|Corónú Alasdar III na hAlban i Sgàin ar 13 Iúil 1249. Tá an ''ollamh rígh'' ag beannú dó agus é ag rá: "Benach De Re Albanne" (''Beannachd Dé Rígh Alban''). Ansin ríomhann sé ginealach an Rí.]]
 
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.<ref>A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick: féach thíos.</ref> Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na ''Gàidheil'' le fáil thiar feasta, sna Garbhchríocha, in Inse Gall agus feadh Mhaol na nGall.
 
==Na Gaeil sa Bhaile==