An difríocht idir athruithe ar: "CLG Naomh Pádraig (Luimneach)"

Content deleted Content added
→‎Stair: tuilleadh eolais
Líne 31:
 
==Stair==
Is é Naomh Pádraig an club CLG is sine i gCathair Luimnigh. Bhí traidisiún láidir cluiche Gaelacha sa limistéar sular bhunaíodh é go hoifigiúil sa bhliain 1886 agus tá sé ag imirt an dá chód gan stad ón am sin i leith. Ba pharóiste tuaithe ar imeall na cathrach é Naomh Pádraig ag deireadh an 19ú agus chabhraigh sin go mór le aitheantas ar leith a spreagadh i measc baill an chluib. Lasmuigh de [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlochán]], ní théann stair leanúnach aon chluib eile sa chathair níos faide siar ná an bhliain 1962. Murab ionainn agus sean-pharóistí eile na cathrach, ní raibh aon chlub eile riamh suitegníomach i gceanntair Naomh Pádraig an lae inniu sna grádanna fásta ach bhí fóirne óga ann ag imirt faoin ainm ''Garraí Eoin'' le linn blianta deiridh na 1970í.
 
Ba chlub an-láidir é Naomh Pádraig le linn blianta tosaigh [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]] agus tá tagairtí ann do chomórtaisí inar ghlacadar páirt le linn blianta na 1880í. Bhí iomaíocht ghéar idir Naomh Pádraig agus na fóirne paróiste eile ar nós [[CLG Clochán (Luimneach)|Naomh Eoin]] agus Naomh Mícheál agus chuidigh sí sin le fás na peile sa chathair. Cé gurbh iad Na Trádálaithe an club ba mhó sa spórt in Éirinn ag an am, bhuaigh Naomh Pádraig orthu i gcluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1890 agus chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn nuair a chasadar arís ar an bhfoireann céanna. Cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae tar éis dóibh [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] a chloí sa bhliain 1905, thiteadar faoi scáth na clubanna mór na cathrach go gairid ina dhiaigh sin, go mór mór [[CLG Clochán (Luimneach)|Clocháin]] agus Éire Óg san iomáint agus Na Trádálaithe sa pheil.