An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
→‎Na Manannaigh: ceartúchán beag
Heading
Líne 3:
 
Is fada na Gaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.
 
==Tíortha==
====Éire====
Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine Méasailiotacha chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina gcnuasaitheoirí. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine Neoiliotacha agus iad ina bhfeirmeoirí. Thug siad caoirigh, gabhair, beithígh agus barra (go háirithe cruithneacht agus eorna) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn.<ref>Féach Renfrew agus é ag plé chomhleathnú na curadóireachta agus na hInd-Eorpaise.</ref>