An difríocht idir athruithe ar: "Meimfís (An Éigipt)"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 1:
Tagann '''Meimfís''', ainm Gréagach, ó '''Men-éfer''', an t-ainm Éigipteach a bhí ar phirimid [[Pépi Ier]] (an 6ú ríora Éigipteach). Bhunaigh an Rí Ménés baile mór ann timpeall -3000 mar phríomhchathair na hÉigipte, agus í faoi choimirce an dé Ptah, pátrún na gceardaithe; bhí sí suite i ndeilt na Níle agus í lán de cheardlanna arm.
 
== ==L'Hout-Ka-Ptah: Teampall Mór an Dé Ptah agus a Chuid Leachtanna====
 
Thug an staraí Gréagach Héarodatas cuntas ar a bhfaca sé ann: teampall mór a líon leath na cathrach, gan cead isteach sa chuid ba shine de ag an ngnáthdhuine (áit ar thángthas ar dhealbha ríoga lenár linn), agus an chuid eile de i bhfoirm croise. Bhí doirse móra ag na ceithre hairde, agus fuair na seandálaithe dealbha suntasacha ann. Tá a lán dealbh, olldealbh, sfioncsanna, liagán greanta agus píosaí ailtireachta bailithe le chéile anois i gclós taispeántais mar iarsmalann amuigh faoin aer; ach tá an mhórchuid de na hiarsmaí le fáil in iarsmalanna móra an domhain.