An difríocht idir athruithe ar: "Giovanni Battista Belzoni"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
'''Giovanni Battista Belzoni''' (15 samhain 1778 - 3 Nollaig 1923): taiscéalaí Iodálach.
[[Image:Giovanni Battista Belzoni by William Brockedon.jpg|left|155px|thumb|Giovanni Battista Belzoni]]
 
Líne 5:
 
Bhí cogadh cathartha ar siúl san Éigipt ag an am, agus tairbhe á bhaint ag beirt i gCaireo as: [[Henry Salt]], consal na Breataine, agus an tIodálach [[Bernadino Drovetti]], consal na Fraince. Mhaoinídís an bheirt feachtais sheandálaíochta agus dhíolaidís na hiarsmaí le hiarsmalanna agus le bailitheoirí, agus ní gan bhrabach é. Bhí pas Briotanach ag Belzoni agus d’fhostaigh Salt é; sa bhliain 1815 iarradh air rud a dhéanamh a bhí beagnach dodhéanta: dul síos an Níl go dtí an Téibh agus busta ollmhór Fárónach (Raimséas II) a thabhairt ar ais. D’éirigh leis gan bhuíochas don saol agus do bhagairt Drovetti.
[[Image:Egypt-statue.jpg|thumb|The 'YoungMemnon MemnonÓg', [[RamesesRaimséas II]], atin theIarsmalann [[Britishna Museum]]Breataine.]]
 
Thoiligh Belzoni le seandachtaí a sholáthar do Salt, agus i gceann cúpla bliain d’aimsigh sé a lán tuamaí ríoga i nGleann na Ríthe; thug sé teampall mór Raimséas II chun solais agus d’oscail teampall Khéphrem i nGíse. Mhéadaigh ar an tsuim a bhí aige in oidhreacht na hÉigipte, agus bhreac sé síos suíomh na ndealbh go cruinn ar na pleananna. D’éirigh idir é féin agus Salt, áfach, cé gurbh é siúd an t-aon duine amháin a d’fhéad íoc as an tochailt. D’fhág Belzoni agus a bhean an Éigipt sa bhliain 1819.