An difríocht idir athruithe ar: "Reilig Montparnasse"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
- -PA-TESTED
Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse (Sliabh Pharnassus) ar an gcomharsanacht seo i bPáras mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris. Tógadh an 'Boulevard Montparnasse' le linn na Réabhlóide agus bhíodh an-chuid hallaí damhsa agus amharclanna ann. Ba é an ceantar seo croílár an tsaoil ealaíonta i bPáras i dtús an fichiú haois agus ba ann a thagadh leithéidí Picasso, Modigliani, Soutine, Zadkine, Apolinaire, Max Jacob, Hemingway, Fargue, Breton, Cocteau, Henry Miller agus mórán scríbhneoirí, scannánóirí, péintéirí agus fiú lucht réabhlóide (Lenin, Trotsky) le chéile. Tá an áit lán de phictiúrlanna agus bialanna i gcónaí agus is breá an áit spaisteoireachta é de ló agus d'oíche.
 
Tá Reilig Montparnasse ar nós faiche, agus is ann atá daoine fíorcháiliúla ar nós Jean Paul Sartre, Simone de Beauvoire, Baudelaire, Maupassant, an Captaen Alfred Dreyfus, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, agus Serge Gainsbourg curtha.