An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

Content deleted Content added
Nasc
m Nasc
Líne 10:
Ní raibh lé ná luiteamas ag an gconstáblacht leis an [[scarúnachas Éireannach]], rud a léirigh siad go héifeachtúil sa bhliain [[1848]], nuair a chloígh siad éirí amach na h[[Éire Óg|Éireann Óige]] a raibh [[Uilliam Mac Gabhann Ó Briain]] i gceannas uirthi. Tháinig turadh ina dhiaidh sin i gcúrsaí na tíre. Mar sin féin, bhí [[IRB|Bráithreachas na Poblachta]], a bunaíodh sa bhliain 1858, ag beartú éirí amach armtha in aghaidh an rialtais Ghallda. Tháinig na pleananna seo i gcrích sa bhliain [[1867]] le hÉirí Amach na bh[[Fíníní]], agus na stáisiúin iargúlta de chuid na Constáblachta á n-ionsaí ag na Fíníní. Ní raibh moill ar bith ar na constáblaí an reibiliún seo a chur faoi chois ach an oiread, nó bhí na Fíníní insíothlaithe le spiairí agus le brathadóirí.
 
B'ansin a bhronn [[Victoria na Ríochta Aontaithe|an Bhanríon Victeoiria]] an chéimíocht "ríoga" ar an gconstáblacht mar aitheantas as ucht na hoibre a rinne na póilíní ag cloí na gceannairceoirí, agus fuair an chonstáblacht cead suaitheantais [[Ord Ró-Oirirc Naomh Pádraig]] a úsáid. Chabhraigh an Chonstáblacht leis an tsochaí a thabhairt chun síochána, agus mionchoireanna ar nós ólachan poiblí agus mionghadaíocht ag teacht in áit na dtrioblóidí tuaithe, na rúnchumann agus na sluachorraíola armtha a bhí ní ba choitianta i dtús na naoú haoise déag. B'é [[Cogadh na Talún]] sna blianta 1879-82 an phríomheisceacht ón gclaonadh seo. Ní raibh an saol chomh séimh céanna i m[[Béal Feirste]], príomhchathair Chúige Uladh, a bhí as aice láimhe na Constáblachta. D'fhág an teannas seicteach idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a shliocht ar shaol na háite, agus phléasc trioblóidí tromchúiseacha amach sna blianta 1857, 1864, 1872 agus 1886. Sa deireadh, bhain na húdaráis an tátal as an scéal nach raibh aon mhaith sna péas áitiúla, agus b'í Constáblacht Ríoga na hÉireann a ghlac an fhreagracht as an bpóilíníocht i mBéal Feirste féin.
 
Bhí na "saighdiúirí dubha" le feiceáil ar fud na tíre ó na [[1850í|1850idí]] anuas, agus deonaíodh dualgaisí nua dóibh i gcúrsaí an rialtais áitiúil, rud a d'fhág na constáblaí fite fuaite le saol an phobail san áit a raibh siad ar garastún. Sa bhliain 1901, bhí, ar a laghad, 1,600 beairic agus 11,000 constábla ann. An chuid ba mhó de na constáblaí ab ísle céim, go háirithe faoin tuaith, bhí siad an-chosúil leis na daoine ina dtimpeall, idir aicme shóisialta, chreideamh, agus chúlra ginearálta. Mar sin, ní raibh sé coitianta ar aon nós go mbeadh Protastúnaigh ag póilíniú pobail Chaitliceacha. Bhí cuid mhaith den phobal Chaitliceach míshásta leis na constáblaí sa naoú haois déag, agus iad ag cuidiú leis na baillí daoine bochta a dhíshealbhú, ag géarleanúint lucht ceannais Chonradh na Talún, agus (rud atá le léamh go fairsing i litríocht na Gaeltachta) ag ionsaí na stiléirí.