An difríocht idir athruithe ar: "An Caoláire Rua"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é '''an Caoláire Rua''' an t-aon inbhear in Éirinn den chineál a dtugann na geolaithe fiord air. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghear…
 
No edit summary
Líne 1:
Is é '''an Caoláire Rua''' an t-aon inbhear in Éirinn den chineál a dtugann na geolaithe [[fiord]] air. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghearr é, cé go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Is é an Caoláire an teorainn nádúrtha idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Tá sé sé chiliméadar déag ar fad agus, sa lár, tá an t-uisce ansin breis is cúig mhéadar is dhá scór ar doimhneacht.
 
Tá Cnoc Maol Réidh, agus é ocht gcéad seacht méadar déag ar airde, suite ar an gcladach thuaidh. Trasna an Chaoláire uaidh atá an Ros Rua agus brú [[An Óige|Óige]] atá as úsáid inniu. Tá clú áirithe ar an bhfoirgneamh. I dtús báire, ní raibh ann ach teach beag tuaithe, ach b'ansin a bhí cónaí ar [[Ludwig Wittgenstein]], an fealsamh Ostarach, ó theastaigh áit chiúin uaidh díreach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Nocht an tUachtarán Máire Mhic Róibin plaic cuimhneacháin san áit sa bhliain 1993 leis an tréimhse a cheiliúradh a chaith Wittgenstein anseo.
 
Ritheann an Bóthar Glas in aice leis an gCaoláire Rua, bóthar a gearradh i mblianta an Drochshaoil, nuair a fuair lucht an ocrais rilíf ó na húdaráis má bhí siad sásta obair den chineál seo a dhéanamh. Ritheann an bóthar naoi gciliméadar síos an t-inbhear ón Líonán.