An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile an Londraigh"

Content deleted Content added
m →‎Naisc sheachtracha: seoladh athraithe
Líne 40:
Ach i ndiaidh mór-oibre a dhéanamh sna comórtaisí óga, tháinig glún nua le chéile i mBaile an Londraigh le linn blianta na 1990í. Thángadar le chéile le [[CLG Gaeil Ghailtí|Gaeil Ghailtí]] agus [[CLG Garrdha Uí Spiolláin |Garrdha Uí Spiolláin]] le chéile faoin ainm ''Fánaithe Gleann an Chorráin'' chun [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1991 a bhuachaint. Tháinig corn sóisear an chontae ar ais chuig an gclub don chúigiú uair nuair a bhuadar ar [[CLG Gearóid Ó Gríofa|Ghearóid Ó Gríofa]] agus ba chlub sinsear arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil. Bhí an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear]] ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|An tOspidéal/Cathair Fuinse]] agus arís sa bhliain 2007 tar éis [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] a shárú.
 
==Páirc ImirtheImeartha==
D’imir Baile an Londraigh ar pháirceanna le blianta a bhí ar chíos acu timpeall an bhaile. Ina measc siúd, bhí ''Páirc Osborne'' (ar a bhfuil Ionad Cúram an Lae suite anois), ''Páirc Stiofán Uí Loinsigh'' (ar a bhfuil monarchan Galtee Wood suite anois), ''Páirc Bhreathnach'' (anois ''Páirc Uí Bhuachalla'') agus ''Páirc Mhic Craith'' ar Bhóthar Ghallbhaile. Ceannaíodar a bpáirc imirthe féin lámh leis an mbaile ar Bhóthar Chill Fhionáin sa bhliain 1981.
 
==Imreoirí Cáiliúile==