Content deleted Content added
No edit summary
Líne 12:
==Ioslam/achas==
Haigh a Lpmorris, fáilte isteach sa Vicipéid! Maidir leis na focail: moltar ag an bhFoclóir Fiontar, a bhaineann le nua-théarmaíocht ó 1985 go 2000, 'Ioslam' a úsáid don reiligiún é féin. I bhFoclóir Staire Bhord na Gaeilge, moltar 'Ioslamachas' a thabhairt ar 'Islamism' (.i. craobh "fundamentalist" an chreidimh sin) - úsáidtear an brí sin san [http://www.feasta.ie/2005/lunasa/eagarfhocal.html alt seo i bhFeasta], mar shampla. De réir dealraimh, úsáidtear 'Ioslam' níos minicí ná 'Ioslamachas' ar an Idirlíon. Ach, ar ndóigh, ba cheart an dá focal a úsáid san alt, mar úsáidtear an dá focal sa theanga labhartha. Bhí sé ar m'intinn é sin a dhéanamh inné, ach ní raibh an t-am agam ag an am. (Nóta amháin eile - de ghnáth, cuirtear teachtaireachtaí ag bun an leathanaigh ar leathanaigh phlé.) GRMA! --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 20:57, 22 Nollaig 2005 (UTC)
Maith go leor, mar sin! Ní raibh a fhios a'm go raibh 'Ioslam' chomh fairsing sin mar fhocal! GRMA! lpmorris