An difríocht idir athruithe ar: "An Caoláire Rua"

Content deleted Content added
No edit summary
Wikify
Líne 1:
[[File:Killary Harbour.jpg|thumb|An Caoláire Rua]]
Is é '''an Caoláire Rua''' an t-aon inbhear in [[Éire|Éirinn]] den chineál a dtugann na geolaithe [[fiord]] air. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghearr é, cé go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Is é an Caoláire an teorainn nádúrtha idir [[Contae na Gaillimhe]] agus [[Contae Mhaigh Eo]]. Tá sé sé chiliméadar déag ar fad agus, sa lár, tá an t-[[uisce]] ansin breis is cúig mhéadar is dhá scór ar doimhneacht.
 
Tá Cnoc Maol Réidh, agus é ocht gcéad seacht méadar déag ar airde, suite ar an gcladach thuaidh. Trasna an Chaoláire uaidh atá an Ros Rua agus brú [[An Óige|brú Óige]] atá as úsáid inniu. Tá clú áirithe ar an bhfoirgneamh. I dtús báire, ní raibh ann ach teach beag tuaithe, ach b'ansin a bhí cónaí ar [[Ludwig Wittgenstein]], an [[fealsamh]] Ostarach, ó theastaigh áit chiúin uaidh díreach i ndiaidh [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Nocht an [[Máire Mhic Róibín|tUachtarán Máire Mhic RóibinRóibín]] plaic cuimhneacháin san áit sa bhliain 1993 leis an tréimhse a cheiliúradh a chaith Wittgenstein anseo.
 
Ritheann an Bóthar Glas in aice leis an gCaoláire Rua, bóthar a gearradh i mblianta [[an Drochshaol|an Drochshaoil]], nuair a fuair lucht an ocrais rilíf ó na húdaráis má bhí siad sásta obair den chineál seo a dhéanamh. Ritheann an bóthar naoi gciliméadar síos an t-inbhear ón Líonán.
 
[[Catagóir:Uiscí na hÉireann|Caoláire Rua, An]]
[[Catagóir:Contae Mhaigh Eo|Caoláire Rua, An]]
[[Catagóir:Contae na Gaillimhe|Caoláire Rua, An]]
 
[[de:Killary Harbour]]
[[en:Killary Harbour]]
[[fr:Killary Harbour]]
[[it:Killary harbour]]
[[lt:Kilario krantinė]]
[[nl:Killary Harbour]]
[[nn:Killary Harbour]]