An difríocht idir athruithe ar: "An tIarthar Fiáin"

Content deleted Content added
Rang +IV
Líne 4:
Chuaigh radharcra, béaloideas agus scéalaíocht an Iarthair Fhiáin i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Aithníonn gach duine inniu buntréithe an tsaoil san Iarthar Fiáin mar is gnách iad a chur ar taispeáint sna scannáin, sna coimicí agus sna scéalta: an troid idir na coilínithe agus na bundúchasaigh, an marcshlua a thagann chun fortachta do na coilínithe, na tithe tábhairne lena gcuid cearrbhach agus gunnadóirí, na buachaillí bó agus araile.
 
==Coincheap an "Iarthair Fhiáin" agus an t"Sean-Iarthair"==
 
Chuir na chéad choilínithe fúthu ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh sa tseachtú haois déag. Ó sin i leith, b'ionann an tIarthar agus na tailte siar ó áitreabh an chine ghil thoir. Uaireanta, tugann lucht léinn "an Sean-Iarthar" ar an réigiún timpeall ar ghleannta Ohio agus Tennessee san ochtú haois déag, nuair a bhí na críocha ina gcúis achrainn idir Sasana, an Fhrainc, agus na coilíneachtaí Meiriceánacha. Níos minicí ná sin, áfach, tugtar an "Sean-Iarthar", "Iarthar Mheiriceá" nó "an tIarthar Fiáin" ar na críocha taobh thiar d'Abhainn Mississippi sa naoú haois déag.
 
==Sealbhú na gCríoch Thiar==