An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"

Content deleted Content added
ag deisiú botúin mhór!
Naisc
Líne 1:
[[File:GrotebrandLonden.jpg|thumb|260px|''Dóiteán Mór Londan'' - Pictiúr ón 17ú haois]]
Réab '''Dóiteán Mór Londan''' trí lár chathair [[Londain|Londan]], i [[Sasana]], ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an [[5 Meán Fómhair|cúigiú lá de Mheán Fómhair]] [[1666]]. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach [[Westminster]] (West End an lae inniu), Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach. Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, [[Ardeaglais Naomh Pól]], agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ceaptar gur scriosadh tithe 70,000 den daonra de thart ar 80,000 a bhí sa Chathair ag an am. Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin. Le tamall anuas áfach, táthar ag cur in aghaidh na tuairime sin mar go gceaptar anois nach ndearnadh taifead in áit ar bith ar an líon daoine bochta ná meánaicmeacha a bhásaigh. Chomh maith leis sin ceaptar go bhféadfadh sé gur chreim teas an dóiteáin go leor daoine agus nár fágadh aon lorg ina ndiaidh.
 
Thosaigh an dóiteán mór ag bácús Thomas Farriner (nó Farynor) ar Pudding Lane, go gairid tar éis meán oíche an Domhnach, an [[2 Meán Fómhair]], agus scaip sé siar go tapa ar Chathair Londan. Ba é an teicníc ba mhó a bhí in úsáid ag an am chun dul i ngleic le dóiteán ná tóitbhearnaí a chruthú trí fhoirgnimh a leagan. Cuireadh moill mhór air seo mar nach raibh [[Ard-Mhéara Londan]], Sir Thomas Bloodworth, in ann cinneadh tapa a dhéanamh faoi cad ba chóir a dhéanamh. Faoin am ar ordaíodh go leor foirgneamh a leagan oíche Dé Domhnaigh, bhí an ghaoth i ndiaidh stoirm olldóiteáin a dhéanamh den dóiteán bácúis agus ní raibh aon mhaith a bheith ag cruthú tóitbhearnaí. Ar an Luan scaip an tine ó thuaidh go croílár na Cathrach. Ní raibh ord ná eagar ar na sráideanna agus bhí ráflaí ag dul timpeall go raibh eachtrannaigh a raibh cuma amhrasach orthu ag lasadh tinte. Ba iad na [[An Fhrainc|Francaigh]] agus na [[An Ísiltír|hOllannaigh]] ba mhó a raibh na daoine gan dídean in amhras fúthu. Bhí siadsan ina naimhde ag Sasana sa [[Dara Cogadh Angla-Ollanach]] a bhí fós ar siúl ag an am. Bhí na grúpaí inimirceacha seo líonmhar go maith agus rinneadh ionsaithe sráide orthu agus chuir an daoscarshlua cuid acu chun báis fiú – a bhí in aghaidh an dlí. Ar an Máirt scaip an tine ar fud na Cathrach ar fad nach mór. Scriosadh Ardeaglais Naomh Pól agus léim an tine thar abhainn Fleet agus bhí cúirt ríoga [[Séarlas II Shasana|Shéarlas II]] ag Whitehall faoi bhagairt. Ag an am céanna bhí na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun dul i ngleic leis an dóiteán á gcomhordú. Ceaptar go bhfuarthas an ceann ab fhearr ar an dóiteán faoi dheireadh ar dhá chúis: lagaigh na gaotha láidre anoir agus bhain an garastún i dTúrd[[Túr Londan]] feidhm as púdar gunna chun tóitbhearnaí éifeachtacha a chruthú chun an tine a chosc ó scaipeadh níos faide soir.
 
Chruthaigh an dóiteán go leor fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus bhí neart síneadh méire á dhéanamh ar feadh tamaill i ndiaidh an dóiteáin. Thug Séarlas II gach ugach do dhaoine bogadh as Londain agus cur fúthu in áit éigin eile mar go raibh faitíos air go dtarlódh éirí amach i measc na ndídeanaithe a chaill a dtithe. In ainneoin go ndearnadh cuid mhór moltaí radacacha, atógadh Londain agus bhí na sráideanna leagtha amach mórán mar a bhí siad roimh an dóiteán.
 
== Londain sna 1660idí ==
Faoi na [[1660í|1660idí]] bhí Londain i bhfad níos mó ná aon chathair eile sa [[An Bhreatain|Bhreatain]]. Áirítear go raibh leathmhilliún duine ina gcónaí ann. Bhí an líon sin níos mó ná an líon daoine a bhí ina gcónaí sa leathchéad baile ba ghaire i méid dó ar fad le chéile. Le linn dó a bheith ag cur ollás Barócach Pháras i gcomparáid le Londain, dúirt John Evelyn gur bhailiúchán tuaisceartach de thithe adhmaid a bhí dlúth le chéile agus gan aon ealaín ag baint leo a bhí i Londain. Chuir an baol dóiteáin a bhí ann – de bharr go raibh na tithe déanta as adhmad agus chomh dlúth sin le chéile – alltacht air. Ba éard a bhí i gceist ag Evelyn le “gan ealaín” ná nach raibh an chathair pleanáilte i gceart, go raibh sí caite le chéile ar nós cuma liom. Ba mar thoradh ar fhás orgánach agus ar shraoilleáil uirbeach a tharla sé seo dar leis. Ar feadh ceithre chéad bliain, b’áit lonnaithe Rómhánach a bhí i Londain. De réir a chéile, áfach, d’éirigh Londain níos plódaithe laistigh de bhalla cosanta na Cathrach. Chomh maith leis sin, bhí an chathair tar éis leathnú lasmuigh den bhalla, áit a raibh plódcheantair sheachtracha mar Shoreditch, Holborn agus Southwark suite. Faoin am sin freisin, bhí cathair neamhspleách Westminster go fisiciúil mar chuid de Londain.
 
Faoi dheireadh an tseachtú céad déag ní raibh san Fhíorchathair – an chuid a bhí timpeallaithe ag balla na Cathrach agus ag [[Abhainn na Tamaise|abhainn Tamais]] – ach páirt de chathair Londan. Bhí seacht gcéad acra (2.8 km2) sa limistéar seo agus bhí thart ar 80,000 duine ina gcónaí ann. Is é sin an séú cuid de dhaonra Londan. Bhí fáinne de bhruachbhailte inmheánacha thart ar an gCathair agus is iontu siúd a bhí cónaí ar fhormhór mhuintir Londan. An uair sin, ba í an Chathair croílár tráchtála na [[Príomhchathair|príomhchathrach]]. Ba inti a bhí an margadh ba mhó agus an calafort ba ghnóthaí i Sasana agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Is ag na haicmí trádála agus na déantúsaíochta a bhí an lámh in uachtar. Sheachain an uasaicme an Chathair agus chónaigh siad faoin tuath lasmuigh de na plódcheantair nó níos faide siar i gceantar eisiach Westminster (san áit a bhfuil an West End sa lá atá inniu ann). Ba san áit sin a bhí an chúirt ríoga ag Séarlas II ag Whitehall. B’fhearr leis na daoine saibhre a bheith ina gcónaí achar réasúnta maith ón gCathair mar bhíodh sí i gcónaí faoi bhrú tráchta, truaillithe agus míshláintiúil go háirithe nuair a scrios an [[plá bhúbónach|phlá bhúbónach]] an ceantar i 1665, “an Bliain Phlá” mar a tugadh uirthi. Bhí an-teannas sa ghaol a bhí idir an Chathair agus an Choróin. Le linn [[Cogadh Cathartha Shasana|an Chogaidh Chathartha]], idir 1642 agus 1651, bhí an Poblachtachas an-láidir i gCathair Londan. Bhí an phríomhchathair dhinimiciúil saibhir agus láidir ó thaobh na [[eacnamaíocht|heacnamaíochta]] de agus d’fhéadfadh sí fós a bheith ina dris chosáin ag [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]]. Bhí sé seo léirithe ag cúpla éirí amach Poblachtach a tharla i Londain sna 1660idí luatha. Bhain giúistísí na Cathrach leis an nglúin a throid sa [[Cogadh Cathartha Shasana|Chogadh Cathartha]] agus ba chuimhin leo gurbh í an iarracht a rinne Séarlas I cumhacht iomlán a ghlacadh chuige féin ba chúis leis an tráma náisiúnta sin. Bhí rún acu gan ligean dá mhac an rud céanna a dhéanamh agus nuair a bhí an Chathair faoi bhagairt ag an Dóiteán Mór, dhiúltaigh siad glacadh leis na saighdiúirí ná leis na hacmhainní eile a thairg Séarlas dóibh. Fiú amháin i gás éigeandála, ní raibh aon ghlacadh go polaitiúil leis na saighdiúirí Ríoga, nach raibh mórán geana orthu, a bheith ag teacht isteach sa Chathair. Faoin am ar ghlac Séarlas ceannas ón Ard-Mhéara neamhéifeachtúil bhí an dóiteán imithe ó smacht cheana féin.
 
=== Guaiseacha dóiteáin sa Chathair ===
Go bunúsach, bhí leagan amach meánaoiseach ar shráideanna na Cathrach. Is coinicéar plódaithe de chaolsráideanna cúnga cama duirleogacha a bhí ann. Tharla mórdhóiteáin éagsúla ann roimh 1666, an ceann ba dheireanaí díobh i 1632. Bhí toirmeasc ar adhmad a úsáid mar ábhar tógála agus ar dhíonta tuí a chur ar thithe leis na céadta bliain ach bhí na hábhair seo saor agus leanadh de bheith ag baint feidhme astu. Ba sa cheantar saibhir i lár na Cathrach amháin a bhí aon líon suntasach foirgneamh á tógáil as clocha. Ba ansin a bhí tithe móra na gceannaithe agus na mbróicéirí suite agus neart spáis timpeall orthu. Taobh amuigh díobh siúd arís, bhí fáinne de [[paróiste|pharóistí]] bochta plódaithe. Sna háiteanna seo bhí an daonra ag fás go tapa agus baineadh úsáid as gach pioc den talamh a bhféadfaí tógáil air chun tithíocht a chur ar fáil don phobal. Bhí ionaid oibre sna paróistí sin agus bhí cuid mhaith díobh ina nguaiseacha dóiteáin. Ina measc, bhí teilgcheártaí, ceártaí agus siopaí gloineadóireachta. Go teoiriciúil, bhí siad seo mídhleathach ach bhí sé de nós gan aon bhac a chur orthu. Bhí áiteanna cónaithe an phobail ag cur thar maoil agus iad suite i measc na n-ionad oibre sin, a bhí mar fhoinsí do theas, do splancacha agus do thruailliú agus a raibh gnéithe a bhí thar a bheith baolach ag baint leo. Gnéithe faoi leith de na tionóntáin adhmaid seo i Londain, a bhí sé nó seacht n-urlár ar airde de ghnáth, ná “lamairní” (Jetties) mar a tugadh orthu; is é sin go raibh na hurláir uachtaracha ag gobadh amach. Ní raibh bunsraitheanna na bhfoirgneamh sin an-fhairsing ach de réir mar a chuaigh na hurláir in airde thosaigh siad ag leathnú amach de réir a chéile os cionn na sráide. Rinneadh an “dul thar scríob” sin, mar a thug breathnóir comhaimseartha amháin air, chun an tairbhe ba mhó a d’fhéadfaí a bhaint as an bpíosa talún a bhí leagtha amach don fhoirgneamh. Is maith a braitheadh an ghuais dóiteáin a bhain leis na lamairní uachtair seo a bheith buailte go dlúth le chéile os cionn na gcaolsráideanna. Cheap breathnóir amháin go raibh sé níos éasca na foirgnimh sin a lasadh agus níos deacra iad a mhúchadh dá bharr. Bhí sé den tuairim, áfach, go raibh an pobal chomh santach agus na Giúistísí chomh cam sin nach ndéanfaí aon chur isteach ar na lamairní. I 1661, chuir Séarlas II forógra amach ag toirmeasc fuinneoga agus lamairní a bheadh ag gobadh amach os cionn na sráide. Rinne an rialtas áitiúil neamhshuim de seo den chuid is mó, áfach. Bhí an chéad teachtaireacht eile a tháinig ó Shéarlas i 1665 níos géire agus thug sé rogha faoin mbaol dóiteáin a bhain leis na sráideanna a bheith chomh caol sin. Thug sé cead tógálaithe sleamchúiseacha a chur i bpríosún agus foirgnimh chontúirteacha a leagan. Ba bheag an aird a tugadh air seo ach oiread.
 
Bhí baint mhór ag an gceantar ar éadan na habhann leis an bhfás a tháinig ar an Dóiteán Mór. Bhí neart uisce sa Tamais chun dul i ngleic leis an dóiteán agus bhí deis éalaithe ón gceantar i mbád. In ainneoin sin, de bhrí go raibh stórais agus siléir lán le hábhair indóite san áit, bhí níos mó baoil ann go dtarlódh dóiteán sa cheantar ar éadan na habhann nó in aon cheantar eile. Bhí tionóntáin adhmaid – a bhí réidh le titim – agus bothanna tarrapháipéir na mbochtán ag síneadh leis na céanna ar feadh an bhealaigh agus iad teanntaithe isteach i measc seanfhoirgneamh páipéir agus i measc ábhar mar Tharra, Pic, Cnáib, Roisín agus Líon, a bhí thar a bheith indóite ar fud na háite. Chomh maith leis sin, bhí Londain lán le púdar dubh, go háirithe sa cheantar a bhí ag síneadh le héadan na habhann. Bhí a lán de fágtha i dtithe de chuid an ghnáthphobail ó aimsir an Chogaidh Chathartha i Sasana. Tharla sé sin mar gur choinnigh siad siúd a bhí i Modh-Arm Nua [[Oilibhéar Cromail|Chromail]] a gcuid muscaed agus an púdar le cur iontu. Bhí idir cúig agus sé chéad tonna púdair stóráilte i dTúr Londan ag an gcloigeann ó thuaidh de [[Droichead Londan|Dhroichead Londan]]. Bhí cuid mhór púdair ag na soláthraithe loinge le taobh na gcéanna freisin agus é stóráilte i mbaraillí adhmaid acu.
 
Bhí Droichead Londan – an t-aon cheangal fisiceach a bhí idir an Chathair agus an taobh ó dheas [[Abhainn na Tamaise|d’abhainn na Tamaise]] – brataithe le tithe agus ba léir ón dóiteán a tharla i 1632 gur sháinn bháis a bhí ansin é féin. Faoi bhreacadh an lae ar an Domhnach bhí na tithe sin ar lasadh agus mheabhraigh [[Samuel Pepys]], le linn dó a bheith ag faire ar an dóiteán ó Thúr Londan, go raibh an-imní air faoi shábháilteacht cairde leis a bhí ina gcónaí ar an droichead. Bhí an baol ann go dtrasnódh na lasracha Droichead Londan agus go mbeadh buirg Southwark ar an mbruach theas faoi bhagairt. Seachnaíodh an baol sin, áfach, mar gur tharla sé go raibh spás oscailte idir fhoirgnimh ar an droichead agus gur fheidhmigh sé sin mar thóitbhearna.
 
De bhrí go raibh balla Rómhánach a bhí 18 dtroithe (5.5 méadar) ar airde timpeall ar an gCathair bhí an baol ann go sáinneofaí sna lasracha iad siúd a bhí gan dídean agus a bhí ag teitheadh. Chomh luath is a bhí éadan na habhann trí thine agus nárbh fhéidir éalú i mbád, ní raibh aon bhealach amach ach amháin trí na hocht ngeata a bhí sa bhalla. Le linn na chéad chúpla lá, ba bheag duine a bhí ag iarraidh éalú ar fad as an gCathair agus í á dó. Thabharfaidís gach a raibh siad in ann a iompar dá gcuid giuirléidí go dtí an “teach sábháilte" ba ghaire, go minic an séipéal paróiste nó an ceantar thart ar Ardeaglais Naomh Pól. Bhíodh orthu ansin bogadh ar aghaidh arís cúpla uair an chloig ní ba déanaí. Bhog cuid acu iad féin agus a gcuid giuirléidí a ceathair nó a cúig de bhabhtaí in aon lá amháin. Níor braitheadh go raibh gá le teitheadh taobh amuigh de na ballaí go dtí go raibh sé déanach ar an Luan. Ba bheag nach raibh sé ina chíor thuathail ina dhiaidh sin ag na geataí caola nuair a bhí na teifigh scanraithe ag iarraidh iad féin, mar aon leis na beartáin, na cairteacha, na capaill agus na vaigíní a bhí acu a thabhairt slán ón anachain.
 
Ba é an rud ba mhó a chuir bac ar dhul i ngleic leis an dóiteán ná cé chomh caol is a bhí na sráideanna.« Ag aon am, ba mhinic go mbíodh sáinn agus tranglam tráchta sna caolsráideanna beaga de bharr an meascán de chairteacha, de vaigíní agus de choisithe a bhíodh iontu. Le linn an dóiteáin, bhí na pasáistí níos blocáilte fós mar go raibh teifigh ag campáil sna sráideanna agus na giuirléidí a shábháil siad ón dóiteán timpeall orthu, nó go raibh siad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh ó láthair an scriosta ag an am céanna a raibh foirne scartála agus criúnna innill dóiteáin ag iarraidh dul i dtreo an dóiteáin agus gan iad in ann.
Ba é an rud ba mhó a chuir bac ar dhul i ngleic leis an dóiteán
ná cé chomh caol is a bhí na sráideanna.« Ag aon am, ba mhinic go mbíodh sáinn agus tranglam tráchta sna caolsráideanna beaga de bharr an meascán de chairteacha, de vaigíní agus de choisithe a bhíodh iontu. Le linn an dóiteáin, bhí na pasáistí níos blocáilte fós mar go raibh teifigh ag campáil sna sráideanna agus na giuirléidí a shábháil siad ón dóiteán timpeall orthu, nó go raibh siad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh ó láthair an scriosta ag an am céanna a raibh foirne scartála agus criúnna innill dóiteáin ag iarraidh dul i dtreo an dóiteáin agus gan iad in ann.
 
=== Ag dul i ngleic le dóiteáin sa seachtú céad déag ===