An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"

Content deleted Content added
Naisc
Líne 32:
 
== Fás an dóiteáin ==
[[File:Great fire of london map.png|thumb|260px|Limistéar an dóiteáin]]
Tugann litreacha agus cuimhní cinn spléachadh dúinn ar an gcaoi a ndeachaigh an dóiteán i bhfeidhm go pearsanta ar roinnt mhaith de mhuintir Londan. Ba iad [[Samuel Pepys]] (1633–1703) agus [[John Evelyn]] (1620–1706), an bheirt dialannaithe ba mhó le rá le linn na hAthghairme agus rinne siad taifead ar na himeachtaí a bhí ag tarlú ó lá go lá agus ar an gcaoi ar fhreagair siad féin dóibh. Rinne siad sáriarrachtaí iad féin a chur ar an eolas maidir leis an méid a bhí ag tarlú ar fud na Cathrach agus níos faide i gcéin. Mar shampla, ar an gCéadaoin – an ceathrú lá – chuaigh an bheirt acu amach chomh fada le ceantar pháirc Moorfields, ar an taobh ó thuaidh den chathair, chun breathnú ar an gcampa ollmhór a bhí lán le teifigh agus iad i nguais, rud a chuir alltacht orthu. Is iad a gcuid dialann siúd na foinsí is tábhachtaí dá bhfuil ar fáil maidir le hathinsint nua-aimseartha a dhéanamh ar an tubaiste. Ina theannta sin, braitheann na leabhair is déanaí faoin dóiteán, le Tinniswood (2003) agus Hanson (2001), ar chuimhní cinn gearra William Taswell (1651–82), a bhí ina bhuachaill óg, ceithre bliana déag d’aois, agus é ag freastal ar Scoil Westminster i 1666.