An difríocht idir athruithe ar: "Tráth inné is mé tnáite tréith"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Aisling thipiciúil den saghas a shamhlaítear leis an údar, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, is ea '''Tráth inné is mé tnáite tréith'''. Tá an file ag fálróid leis go d…
 
mNo edit summary
Líne 1:
Aisling thipiciúil den saghas a shamhlaítear leis an údar, [[Eoghan Rua Ó Súilleabháin]], is ea '''Tráth inné is mé tnáite tréith'''.
 
Tá an file ag fálróid leis go dubhach nuair a bhuaileann maighdean álainn - [[Éire]] i gcolainn dhaonna - leis. Cé gpgo gcaíonn sí riocht dearóil a clainne tá teachtaireacht dóchais aici don fhile freisin - tá na "géanna fíáine" ar tí filleadh ar ais ar Éirinn chun na Gaill a ruaigeadh.
 
Sa dán maíonn an spéirbhean go bhfuil "Arnold...ag fáil an lae" ar fhórsaí na Breataine i g[[Cogadh Saoirse Mheiriceá]]. Ceaptar mar sin gur cumadh an aisling sa chéad leath den bhliain [[1776]], sula raibh a fhios ag muintir na hÉireann go raibh teipthe ar ionradh [[Benedict Arnold]] ar [[Ceanada|Cheanada]]. Ceithre bhliainbliana dár gcionn (sa bhliain [[1780]]), d'iompaigh Arnold a chóta agus thaobhaigh sé le fórsaí na Breataine. Mar sin, tá an tagairt mholtach dó sa dán seo ar iarraidh i roinnt de na lámhscríbhinní.
 
[[Catagóir:Dánta]]