An difríocht idir athruithe ar: "An tIarthar Fiáin"

Content deleted Content added
Naisc
Líne 6:
==Coincheap an "Iarthair Fhiáin" agus an t"Sean-Iarthair"==
 
Chuir na chéad choilínithe fúthu ar chósta thoir [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]] sa tseachtú[[17ú haois|haois déag]]. Ó sin i leith, b'ionann an tIarthar agus na tailte siar ó áitreabh an chine ghil thoir. Uaireanta, tugann lucht léinn "an Sean-Iarthar" ar an réigiún timpeall ar ghleannta [[Ohio]] agus [[Tennessee]] san ochtú haois déag, nuair a bhí na críocha ina gcúis achrainn idir [[Sasana]], [[an Fhrainc]], agus na coilíneachtaí Meiriceánacha. Níos minicí ná sin, áfach, tugtar an "Sean-Iarthar", "Iarthar Mheiriceá" nó "an tIarthar Fiáin" ar na críocha taobh thiar d'[[Abhainn Mississippi]] sa naoú haois déag.
 
==Sealbhú na gCríoch Thiar==
 
Bunaíodh na chéad choilíneachtaí [[An Eoraip|Eorpa]] ar an gcósta thoir sa tseachtú haois déag, agus teorainn nádúrtha idir iad agus an tIarthar, mar atá, [[na Sléibhte Apaláiseacha]]. A fhad is a bhí a ndóthain idir lámhaibh ag na coilínithe agus iad ag tabhairt an chósta thoir chun míntíreachais, ba chuma leo faoi na tailte ar an taobh eile de na sléibhte. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá amach a neamhspleáchas, nó ansin, thosaigh lucht na hinimirce ag socrú síos ina sluaite síoraí san Iarthar. Mar sin, ghluais an teorainn thiar go dtí an chéad bhacainn mhór nádúrtha. I ndiaidh [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá|Chogadh na Réabhlóide]], d'éirigh na cumhachtaí Eorpacha as a bheith ag iompairc faoi na tailte seo, agus tháinig na Stáit Aontaithe ar an bhfód mar chumhacht réigiúnda i ndáiríre. Le teacht na síocháin, baineadh na srianta den fhairsingiú siar. Bhí saint ag na coilínithe nua i dtalamh curadóireachta, agus iad ag sealbhú tailte nua i [[Nua-Eabhrac (stát)|Stát Nua-Eabhraic]] agus trasna na Sléibhte Apaláiseacha.
 
Bunaíodh na chéad choilíneachtaí Eorpa ar an gcósta thoir sa tseachtú haois déag, agus teorainn nádúrtha idir iad agus an tIarthar, mar atá, [[na Sléibhte Apaláiseacha]]. A fhad is a bhí a ndóthain idir lámhaibh ag na coilínithe agus iad ag tabhairt an chósta thoir chun míntíreachais, ba chuma leo faoi na tailte ar an taobh eile de na sléibhte. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá amach a neamhspleáchas, nó ansin, thosaigh lucht na hinimirce ag socrú síos ina sluaite síoraí san Iarthar. Mar sin, ghluais an teorainn thiar go dtí an chéad bhacainn mhór nádúrtha. I ndiaidh Chogadh na Réabhlóide, d'éirigh na cumhachtaí Eorpacha as a bheith ag iompairc faoi na tailte seo, agus tháinig na Stáit Aontaithe ar an bhfód mar chumhacht réigiúnda i ndáiríre. Le teacht na síocháin, baineadh na srianta den fhairsingiú siar. Bhí saint ag na coilínithe nua i dtalamh curadóireachta, agus iad ag sealbhú tailte nua i Stát Nua-Eabhraic agus trasna na Sléibhte Apaláiseacha.
 
==Míntíriú agus Coilíniú an Iarthair==