An difríocht idir athruithe ar: "Pallaidiam"

Content deleted Content added
m Wikify
No edit summary
Líne 13:
 
Tá sé [[iseatóp]] cobhsaí nádúrtha ag an bpallaidiam: Pd-102 (1.02% de phallaidiam an dúlra), Pd-104 (11.14%), Pd-105 (22.33%), Pd-106 (27.33%), Pd-108 (26.46%) agus Pd-110 (11.72%).
 
Baintear úsáid as an bpallaidiam le himoibrithe ceimiceacha a chatalú, nó is féidir leis an miotal seo cuid mhór hidrigine a shú isteach. Thairis sin, is féidir hidrigin a ghlanadh ar an dóigh seo, ós rud é nach féidir na gáis eile a stóráil sa phallaidiam mar sin. Dúil úsáideach é an pallaidiam sa tseodóireacht, sa leictreonaic, san fhiaclóireacht agus ina lán teicneolaíochtaí eile.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí a bhíonn ag an bpallaidiam ná +1, +2, agus +4. I gcuid de na comhdhúile, d'fhéadfá an chiall a bhaint as an bhfoirmle gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bpallaidiam iontu, ach is é an tuiscint atá ag na saineolaithe ar na comhdhúile inniu go bhfuil idir Pd(II) agus Pd(IV) iontu, agus go bhfuil sé de chlaonadh ag pallaidiam comhdhúile a dhéanamh ina bhfuil an dá staid ocsaídiúcháin seo ar fáil iontu in éineacht.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]