An difríocht idir athruithe ar: "Róidiam"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Ceann de na miotail i ngrúpa an phlatanaim is é an '''róidiam''', '''
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an róidiam, mar atá,
Tá an róidiam an-díonta ar na hocsaídeoirí láidire a thuaslagaíonn an chuid is mó de na miotail lómhara féin. Ní dhéanann an t-aigéad nítreach dochar ar bith dó, agus ní oibríonn an ''aqua regia'' féin air mar a oibríonn sé ar an ór.
Líne 8:
Tá tábhacht áirithe ag an róidiam sa tseodóireacht freisin, ach is annamh a dhéantar fáinní nó seodra eile as róidiam glan, nó is miotal crua righin é an róidiam - ní ghéillfeadh sé do bhuillí an chasúir - agus leáphointe sách ard aige fosta. Mar sin, níl sé furasta róidiam a shaoirsiniú go seodra. Go tipiciúil, cuirtear brat róidiam ar airgead geal nó ar ór geal le loinnir an róidiam a fhágáil ar an bhfáinne.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an róidiam ina chuid comhdhúl ná +3, ach tá a lán staideanna ocsaídiúcháin eile aige freisin, +4 ach go háirithe, agus ceimic sách casta aige. Tá dhá ocsaíd ann ar a laghad, Rh<sub>2</sub>O<sub>3</sub> nó an trí-ocsaíd déróidiam (uimhir ocsaídiúcháin: +3), agus RhO<sub>4</sub> nó teatrocsaíd an róidiam (uimhir ocsaídiúcháin: +4). I gcomhdhúile coimpléasca de chuid an róidiam, is féidir gurb í an staid fhoirmeálta ocsaídiúcháin atá ag an róidiam ná 0, nó bíonn an t-adamh róidiam timpeallaithe ag [[Liogann|lioganna]] ar féidir teacht orthu ina móilíní neamhspleácha freisin. Sampla de seo is ea Rh<sub>4</sub>(CO)<sub>12</sub>.
|