An difríocht idir athruithe ar: "1. Fußballclub Union Berlin"

Content deleted Content added
No edit summary
críochnú an tséasúir seo (an dá athrú inniu)
Líne 35:
Imríonn an fhoireann a gcuid cluichí sa [[staid]] "An der Alten Försterei" (18,100 duine faoi láthair) in oirdheisceart Bheirlín. I séasúr 2008/09, nuathógtar cuid mhór den staid ag na céadta (timpeall 1,600 go dtí seo) de lucht leanúna iad féin (gan aon phá) chun í a chur in oiriúint don lá inniu agus do na rialacha [[DFB]] um staideanna sa Ghearmáin. Dá bhrí seo, chaithfeadh Union a gcuid cluichí baile 2008/09 a imirt i staid ''Friedrich-Ludwig-Jahn-Sportpark'' i gceantar [[Prenzlauer Berg]] de Bheirlín. Nua-osclaífear staid ''An der Alten Försterei'' ar an [[8 Iúil]] [[2009]] le cluiche cairdeachais in aghaidh [[Hertha BSC]]. Sa séasúr seo chugainn, nuathógfar an príomhfhoirgneamh leis an bpríomhardán (suite) gan na cluichí rialta a bhriseadh.
 
Ghlac foireann na bhfear páirt i gcomórtas [[UEFA]] sa bhliain [[2001]]/[[2002|02]] agus shroich siad an dara babhta. Is sa 3ú sraith Ghearmánach, a bhí nuabhunaithe i samhra 2008, a d'imrigh an fhoireann sa séasúr seo chaite, 2008/09. Chríochnaigh siad an séasúr tar éis 22 bua á bhaint leo as 38 cluiche in uachtar na sraithe. Ardaítear Union chuig dara sraith sacair na Gearmáine (''[[Zweite Bundesliga]]'') mar sin.
 
[[Image:Union Spiel 01.jpg|thumb|right|280px|Stadion an der Alten Försterei, [[Beirlín]]]]