An difríocht idir athruithe ar: "Anno Domini"

Content deleted Content added
m robot Adding: eo:A. D.; cosmetic changes
Líne 1:
Is é is brí leis na focail [[Laidin|Laidine]]e '''Anno Domini''' (nó '''Anno Domini Nostri Iesu Christi''') ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar '''A.D.''' nó '''AD''' a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le h[[uimhir]] na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost. Is í an bhliain [[1]] an chéad bhliain sa chóras seo, agus níl aon bhliain [[0]] ann.
 
Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothuithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.
Líne 7:
Na blianta roimh bhreith Chríost, cuirtear "r. Chr." leo sa Ghaeilge. Is ionann sin agus "BC" a fheictear sa Bhéarla.
 
== Stair '''Anno Domini''' ==
 
Sa chéad cheithre chéad bliain de Ré na Críostaíochta, bhítí ag baint úsáide as an bh[[féilire]] Rómhánach, ach nuair a tháinig meath ar [[Impireacht na Róimhe]], theastaigh córas eile ó na daoine leis na blianta a chomhaireamh. Sa bhliain [[525]], chuaigh an manach Rómhánach [[Dionysius Exiguus]] i dtuilleamaí an eolais a bhí ar fáil sa [[An Bíobla|Bhíobla]], agus is é an tátal a bhain sé as ná gur rugadh [[Íosa]] 525 bliana roimhe sin.
Líne 13:
Dar le beagnach gach fear léinn sa lá atá inniu ann go raibh sé mí-cheart. Is é an meastachán atá acu ná gur saolaíodh an Slánaitheoir idir an bhliain [[8 RC]] agus an bhliain [[4 RC]].
 
== Féach freisin ==
 
*[[Féilire Muslamach]]
Líne 30:
[[de:Anno Domini]]
[[en:Anno Domini]]
[[eo:A. D.]]
[[es:Anno Domini]]
[[et:PKr]]