Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

25 bytes added ,  10 mbliana ó shin
m
robot Adding: fr:Ronnie Drew; cosmetic changes
{{Bosca_Sonraí_banna |
ainm_an_bhanna= Ronnie Drew |
íomhá = [[Íomhá:Ronnie drew 2004.jpg|176px]]<br /><small>Ronnie Drew i mbun ceoil i 2004</small> |
tír = [[BÁC]], [[Poblacht na hÉireann|Éire]]|
gníomhach = [[1962]]–[[2006]] |
}}
 
B'[[amhránaí]] agus [[ceoltóir]] traidisiúnta [[Éire|Éireannach]]annach é '''Ronnie Drew''' ([[16 Meán Fómhair]] [[1934]] – [[16 Lúnasa]] [[2008]]). Bhí sé ina phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil thraidisiúnta [[The Dubliners]], rud a thuill an cháil is mó dó le linn a ghairm cheoil. Chuir sé tús le gairm cheoil mar amhránaí aonair sa bhliain [[1995]].
 
== Óige ==
 
Rugadh Ronnie Drew i n[[Dún Laoghaire]] sa bhliain 1934. Chaith sé tamall i [[Sevilla]] [[An Spáinn|na Spáinne]] sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa [[Spáinnis]] ansin.<ref>http://www.meathchronicle.ie/articles/1/30026/</ref>
 
== The Dubliners ==
 
Bhunaigh Ronnie Drew [[The Dubliners]] in éineacht le [[Luke Kelly]], Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm ''The Ronnie Drew Group'' orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm ''The Dubliners'' chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar [[Rae Mhuirfean]]. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil [[An Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] sa bhliain 1967, mar atá, ''Seven Drunken Nights'' agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, [[Top of the Pops]], chun é a chasadh. Ach chuir [[RTÉ]] cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.
Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile agus d'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i [[1995]]. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.<ref>http://www.rte.ie/arts/2006/0823/drewr.html</ref>
 
== Bás ==
 
Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in [[Ospidéal Naomh Uinseann]] i m[[Baile Átha Cliath]].<ref>http://www.tribune.ie/news/home-news/article/2008/aug/17/folk-legend-ronnie-drew-passes-away/</ref> Bhí [[ailse]] scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.<ref>http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html</ref> Cuireadh é sna [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], i g[[Contae Chill Mhantáin]], áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.<ref>http://www.rte.ie/news/2008/0819/drewr.html</ref> Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.
* Pearls (album) (le Grand Canal) (2007)
 
== Tagairt ==
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.rte.ie/tv/latelate/av_20071207.html?2316854,null,228 Agallamh le Ronnie Drew ar ''The Late Late Show'' ar 7 Nollaig 2007]
[[eu:Ronnie Drew]]
[[fi:Ronnie Drew]]
[[fr:Ronnie Drew]]
[[nl:Ronnie Drew]]
[[no:Ronnie Drew]]
37,364

edits