An difríocht idir athruithe ar: "Oismiam"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é an t-'''oismiam''' dúil uimhir a 76, agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó ná '''Os'''. Tá na miotail go léir i ngrúpa an phlatanaim an-trom, ach is é an …
 
No edit summary
Líne 6:
 
Tá an t-oismiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp, mar atá, Os-184 (0.02 % d'oismiam an dúlra), Os-186 (1.59 %), Os-187 (1.96 %), Os-188 (13.24 %), Os-189 (16.15 %), Os-190 (16.26 %), agus Os-192 (an t-iseatóp is flúirsí, 40.78 %). Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid de na hiseatóip nádúrtha seo radaighníomhach, ach má tá féin, tá an leathré chomh fada is nach féidir radaíocht ar bith a aithint ag teacht astu. Ó thaobh an ghnáthshaoil de, tá sé sábháilte a rá go bhfuil siad cobhsaí.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an oismiam ná +2, +3, +4 agus +8. Is í an teatrocsaíd an chomhdhúil is tábhachtaí, agus tá sé de chlaonadh sna comhdhúile eile ná claochlú go teatrocsaíd má thagann siad i dteagmháil leis an ocsaigin. Nimh atá ann.