An difríocht idir athruithe ar: "Róidiam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Ceann de na miotail i ngrúpa an phlatanaim is é an '''róidiam''', '''Rh''', dúil uimhir a 45. Ní bhíonn sé le fáil sa dúlra ach go tearc, go háirithe mar neamhghlaine i mianta an [[Platanam|phlatanaim]], an [[Pallaidiam|phallaidiam]] agus an [[Ór|óir]]. Ní áibhéil a rá go bhfuil an róidiam seacht n-oiread níos daoire ná an t-ór féin.
 
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an róidiam, mar atá, Rh-103, agus sin é an t-aon chineál róidiam atá le fáil go nádúrtha. Is é Rh-101 an t-iseatóp radaighníomhach is fadsaolaí, ach ós rud é nach bhfuil an ceann sin féin ach trí bliana is ceithre mhí ar leathré, ní féidir teacht air sa dúlra.