An difríocht idir athruithe ar: "Iridiam"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é an t-'''iridiam''' dúil uimhir a 77 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná '''Ir'''. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, a…
 
No edit summary
Líne 1:
Is é an t-'''iridiam''' dúil uimhir a 77 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná '''Ir'''. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, agus é ar an miotal is fearr a sheasann creimeadh. Ba é Smithson Tennant a d'aithin an chéad uair é, sa bhliain 1803, agus d'ainmnigh sé as Iris, bandia Gréagach an bhogha báistí, é, toisc go raibh dathanna láidire ina lán salann iridiam. Níl sé le fáil sa dúlra ach go tearc, agus ní tháirgtear mórán de, ach baintear sainúsáid as i gcraobhacha áirithe tionsclaíochta.
 
Miotal bán nó bánbhuí é an t-iridiam - is ar an imir bhuí is fearr a aithníonn súil an duine thar an bplatanam é. Cosúil leis na miotail eile i ngrúpa an phlatanaim, tá an t-iridiam iontach trom - beagnach chomh trom leis an oismiam.