An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"

183 bytes added ,  11 bliain ó shin
no edit summary
(Leathanach nua: Is é an '''platanam''' dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''conquistadore…)
 
Is é an '''platanam''' dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''conquistadores'' Spáinneacha a bhí ag creachadh Mheiriceá Theas ar lorg óir agus airgid ghil, agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
 
Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-''aqua regia'' (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an ''aqua regia'', déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl<sub>6</sub><sup>2-</sup>) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.