An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"

1,751 bytes added ,  11 bliain ó shin
Rang +IV +Naisc ++
(Rang +IV +Naisc ++)
{{Dúil cheimiceach bosca eolais
Is é an '''platanam''' dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''conquistadores'' Spáinneacha a bhí ag creachadh Mheiriceá Theas ar lorg óir agus airgid ghil, agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
|Ainm=Platanam
|Siombal=Pt
|UAdamach=78
|MAdamach=195.084(9) g·mol<sup>−1</sup>
|Grúpa=10, 6, d
|Dlús=21.45 g·cm<sup>−3</sup>
|Sraith=Miotail trasdultacha
|Íomhá=Pt-TableImage.png
}}
 
Is é an '''platanam''' dúil a 78 i dtáblad[[tábla peiriadach]] na ndúl, agus is é an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''conquistadores'' Spáinneacha a bhí ag creachadh [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] ar lorg [[ór|óir]] agus airgid ghil, agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
 
Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-''aqua regia'' (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an ''aqua regia'', déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl<sub>6</sub><sup>2-</sup>) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.
 
Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go [[oismiam|hoismiam]]. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
 
[[ar:بلاتين]]
[[bn:প্লাটিনাম]]
[[be:Плаціна]]
[[bs:Platina]]
[[bg:Платина]]
[[ca:Platí]]
[[cv:Платина]]
[[cs:Platina]]
[[co:Platinu]]
[[cy:Platinwm]]
[[da:Platin]]
[[de:Platin]]
[[et:Plaatina]]
[[el:Λευκόχρυσος]]
[[en:Platinum]]
[[myv:Ашо сырне]]
[[es:Platino]]
[[eo:Plateno]]
[[eu:Platino]]
[[fa:پلاتین]]
[[fr:Platine]]
[[fur:Platin]]
[[gv:Platinum]]
[[gl:Platino]]
[[ko:백금]]
[[hy:Պլատին]]
[[hr:Platina]]
[[io:Platino]]
[[id:Platina]]
[[ia:Platino]]
[[is:Platína]]
[[it:Platino]]
[[he:פלטינה]]
[[kn:ಪ್ಲಾಟಿನಮ್]]
[[ka:პლატინა]]
[[sw:Platini]]
[[ht:Platin]]
[[ku:Platîn]]
[[la:Platinum]]
[[lv:Platīns]]
[[lb:Platin]]
[[lt:Platina]]
[[lij:Patin]]
[[jbo:jinmrplati]]
[[hu:Platina]]
[[mk:Платина]]
[[ml:പ്ലാറ്റിനം]]
[[ms:Platinum]]
[[nl:Platina]]
[[ja:白金]]
[[no:Platina]]
[[nn:Platina]]
[[oc:Platin]]
[[nds:Platin]]
[[pl:Platyna]]
[[pt:Platina]]
[[ro:Platină]]
[[qu:Qullqiya]]
[[ru:Платина]]
[[stq:Platin]]
[[sq:Platini]]
[[scn:Plàtinu]]
[[simple:Platinum]]
[[sk:Platina]]
[[sl:Platina]]
[[sr:Платина]]
[[sh:Platina]]
[[fi:Platina]]
[[sv:Platina]]
[[tl:Platino]]
[[ta:பிளாட்டினம்]]
[[th:แพลทินัม]]
[[tg:Платина]]
[[tr:Platin]]
[[uk:Платина]]
[[ug:Platina]]
[[vi:Bạch kim]]
[[zh-yue:白金]]
[[zh:铂]]