An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Pálás Buckingham"

Content deleted Content added
ábhar nua
 
No edit summary
Líne 7:
Is iad na seomraí stáit croílár an Pháláis reatha agus úsáideann Banríon Eilís II agus baill den teaghlach ríoga iad go rialta chun aíocht oifigiúil agus stáit a thabhairt. Tá Pálás Buckingham ar cheann de na foirgnimh is aithnidiúla ar domhan agus tugann breis agus 50,000 duine cuairt ar an bpálás gach bliain mar aíonna chuig féastaí, lóin, dinnéir, fáiltithe agus chuig na cóisirí ríoga gairdín.
 
== Stair ==
[[Image:Buckingham House 1710.jpeg|thumb|250px|Dhear William Winde Teach Buckingham don chéad Diúc Buckingham agus Normanby thart ar 1710. Tá an aghaidh sin ina Mórbhealach Isteach ar an taobh thiar (inmheánach) den cheathairuilleog sa lá atá inniu ann, agus tá an Parlús Glas os a chionn.]]
 
An láthair
 
=== An láthair ===
Sna Meánaoiseanna, bhí láthair Phálás Buckingham ina chuid de Mhainéar Ebury (ar tugadh Eia air chomh maith). Uiscíodh an riasclach ag abhainn Tyburn, a ritheann faoin gclós agus faoi sciathán theas an pháláis go fóill. San áit arbh fhéidir áth a thógáil ar an abhainn (ag Cow Ford), d’fhás an sráidbhaile Eye Cross. D’athraigh seilbh na láithreach ó láimh go láimh go minic; áiríodh ar na húinéirí Éadbhard na Faoistine agus a bhanríon choimhdeach Edith as Wessex amach i ndeireadh na ré Sacsanaí, agus Uilliam Concaire i ndiaidh ghabháil na Normannach. Thug Uilliam an láthair do Geoffrey de Mandeville, a d’uachtaigh é do mhanaigh Mhainistir Westminster.