An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Pálás Buckingham"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Áras oifigiúil cónaithe i [[Londain]] de mhonarc na [[An Bhreatain|Breataine]] is ea '''Pálás Buckingham'''. Agus é suite i gCathairg[[Cathair Westminster]], is ionad é an pálás le haghaidh ócáidí stáit agus aíocht ríoga, agus is mórdhíol spéise do thurasóirí é. Go stairiúil, b’ionad cruinnithe do mhuintir na Breataine é, ag amanna náisiúnta ceiliúrtha agus géarchéime.
 
Tugadh '''Teach Buckingham''' air i dtosach agus tugann an teaghlach ríoga ‘Buck House’ mar leasainm air go fóill. Tá an seanteach sin, a bhí suite i lár an bhaile, ina chroílár den phálás mar atá sé anois. Tógadh é don Diúc Buckingham i 1703 agus cheannaigh Seoirse III é mar theach príobháideach cónaithe, ar tugadh ‘The Queen’s House’ air, sa bhliain 1761. Chuir na hailtirí John Nash agus Edward Blore, go príomha, síntí leis thar an 75 bliain ina dhiaidh sin, agus cruthaíodh trí sciathán le clós sa lár. Nuair a tháinig an [[Bhanríon Victeoiria]] i gcoróin i 1837, rinneadh pálás oifigiúil ríoga mhonarc na Breataine de Phálás Buckingham. Níor cuireadh aon mhórsíneadh struchtúrtha leis an bpálás ó dheireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois agus ba chuid é aghaidh phoiblí reatha Phálás Buckingham den mhórsíneadh sin.
 
Bhí scagliola glédhathach agus lapis gorm agus bándearg go forleathan i mbundearthaí an 19ú haois luath, mar a mhol Sir Charles Long, agus tá cuid mhaith acu fós ann. Athmhaisíodh cuid de ar scéim dathanna óir agus bánbhuí belle epoque faoi Rí Éadbhard VII. Tá cuid mhaith seomraí beaga fáiltithe fearastaithe ar stíl Shíneach leasríochta; tugadh troscáin agus feistis ón bPailliún Ríoga in Brighton agus ó Theach Carlton i ndiaidh bhás Rí Seoirse IV. Is é Gairdín Phálás Buckingham an gairdín príobháideach is mó i Londain. Rinne Capability Brown an tírdhreachú air i dtosach, ach d’athdhear William Townsend Aiton ó Ghairdíní Lusanna Kew agus John Nash é ina dhiaidh sin. Críochnaíodh an loch saorga i 1828 agus tagann uisce chuige ón Serpentine – abhainn a ritheann trí Pháirc Hyde.
 
Is iad na seomraí stáit croílár an Pháláis reatha agus úsáideann [[Banríon Eilís II]] agus baill den teaghlach ríoga iad go rialta chun aíocht oifigiúil agus stáit a thabhairt. Tá Pálás Buckingham ar cheann de na foirgnimh is aithnidiúla ar domhan agus tugann breis agus 50,000 duine cuairt ar an bpálás gach bliain mar aíonna chuig féastaí, lóin, dinnéir, fáiltithe agus chuig na cóisirí ríoga gairdín.
 
== Stair ==
Líne 11:
 
=== An láthair ===
Sna [[Meánaoiseanna]], bhí láthair Phálás Buckingham ina chuid de Mhainéar Ebury (ar tugadh Eia air chomh maith). Uiscíodh an riasclach ag abhainn Tyburn, a ritheann faoin gclós agus faoi sciathán theas an pháláis go fóill. San áit arbh fhéidir áth a thógáil ar an abhainn (ag Cow Ford), d’fhás an sráidbhaile Eye Cross. D’athraigh seilbh na láithreach ó láimh go láimh go minic; áiríodh ar na húinéirí Éadbhard na Faoistine agus a bhanríon choimhdeach Edith as Wessex amach i ndeireadh na ré Sacsanaí, agus Uilliam Concaire i ndiaidh ghabháil na Normannach. Thug Uilliam an láthair do Geoffrey de Mandeville, a d’uachtaigh é do mhanaigh Mhainistir Westminster.
 
Sa bhliain 1531, fuair [[Anraí VIII Shasana|Anraoi VIII]] seilbh ar Ospidéal San Séamas ([[Pálás San Séamas]] ina dhiaidh sin) ó Choláiste Eton, agus i 1536 thóg sé Mainéar Ebury ó Mhainistir Westminster. Mar thoradh ar na haistrithe sin, bhí láthair Phálás Buckingham ar ais i seilbh ríoga den chéad uair ónar scaoil Uilliam Concaire de é beagnach 500 bliain roimhe sin.
 
Léasaigh roinnt úinéirí é ó thiarnaí talún ríoga agus b’ábhar amhantraíochta mearchiallaí í an tsaorsheilbh sa 17ú haois. Faoin am sin, bhí sráidbhaile Eye Cross tite i léig le fada, agus ba thalamh gan saothrú é formhór an cheantair. Agus airgead de dhíth air, dhíol [[Rí Séamas I]] cuid de shaorsheilbh na Corónach, ach choinnigh sé cuid den láthair agus bhunaigh sé gairdín maoildeirge 4 acra (16,000 m²) uirthi chun síoda a dhéanamh. (Tá sé seo lonnaithe i gcúinne thiar thuaidh an pháláis reatha). Tagraíonn Clement Walker in Anarchia Anglicana (1649) do “new-erected sodoms and spintries at the Mulberry Garden at S. James’s”; tugann sé seo le tuiscint go mb’fhéidir gur phálás drabhláis é. Faoi dheireadh, go déanach sa 17ú haois, fuair an banoidhre Mary Davies an tsaorsheilbh in oidhreacht ón toicí réadmhaoine Sir Hugh Audley.
 
=== Na chéad tithe ar an láthair ===
Seans gurbh é teach Sir William Blake an chéad teach a tógadh ar an láthair thart ar an mbliain 1624. Ba é an Tiarna Goring an chéad úinéir eile, a chuir síneadh le teach Blake agus a d’fhorbair cuid mhaith de ghairdín an lae inniu ón mbliain 1633, ar tugadh Gairdín Mór Goring (Goring Great Garden) air an uair sin. Níor éirigh leis leas saorsheilbhe a bhaint amach ar an ngairdín maoildeirge áfach. I ngan fhios do Goring, níor éirigh leis an gcáipéis an Séala Mór a bhaint amach sular éalaigh [[Rí Séarlas I]] go Londain i 1640, agus bhí an séala ag teastáil chun é a chur i gcrích go dlíthiúil. (Chabhraigh an earráid chriticiúil sin le teaghlach ríoga na Breataine agus iad ag athghlacadh na saorsheilbhe faoi [[Rí Seoirse III]]).
 
Seans gurbh é teach Sir William Blake an chéad teach a tógadh ar an láthair thart ar an mbliain 1624. Ba é an Tiarna Goring an chéad úinéir eile, a chuir síneadh le teach Blake agus a d’fhorbair cuid mhaith de ghairdín an lae inniu ón mbliain 1633, ar tugadh Gairdín Mór Goring (Goring Great Garden) air an uair sin. Níor éirigh leis leas saorsheilbhe a bhaint amach ar an ngairdín maoildeirge áfach. I ngan fhios do Goring, níor éirigh leis an gcáipéis an Séala Mór a bhaint amach sular éalaigh Rí Séarlas I go Londain i 1640, agus bhí an séala ag teastáil chun é a chur i gcrích go dlíthiúil. (Chabhraigh an earráid chriticiúil sin le teaghlach ríoga na Breataine agus iad ag athghlacadh na saorsheilbhe faoi Rí Seoirse III).
 
Mhainnigh Goring ina chíosanna; fuair Henry Bennet, an chéad Iarla Arlington, an teach mór agus bhí sé ina chónaí ann (ar tugadh Teach Goring air an uair sin) nuair a dódh an teach go talamh sa bhliain 1674. Tógadh Teach Arlington ar an láthair – sciathán theas an pháláis reatha – an bhliain dár gcion agus ceannaíodh an tsaorsheilbh air sa bhliain 1702.