An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

Content deleted Content added
m robot Modifying: yi:קא גע בע
Líne 2:
Seasann na litreacha cinniúnacha úd '''KGB''' ([[Rúisis]]: ''КГБ'') do ''Комитет государственной безопасности/Komitet gosudarstvennoy bezopasnosti'', is é sin, '''Coiste Slándála an Stáit'''. B'é an coiste seo an scátheagras a chuimsigh rúnseirbhís, póilíní rúnda agus seirbhísí faisnéise [[An tAontas Sóivéadach|an Aontais Shóivéadaigh]] sna blianta 1954-1991. Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, tugadh ainm nua ar sheirbhísí rúnda na [[An Rúis|Rúise]], is é sin, ''Федеральная служба безопасности/Federal'naya sluzhba bezopasnosti'' nó FSB (''ФСБ''), is é sin, an tSeirbhís Fheidearálach Slándála. Sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]], choinnigh na seirbhísí rúnda an seanainm Rúisise, ach is é KDB an leagan Bealarúisise (''Камітэт дзяржаўнай бяспекі/Kamitet dziaržaǔnaj biaspieki'').
 
== Bunús agus Forbairt an KGB ==
 
B'é ''Cheka'', nó Coimisiún Neamhghnách na hUile Rúise um Chath in aghaidh na Frithréabhlóide is na Sabaitéireachta, an chéad rúnseirbhís a bhí ag obair sa Rúis Shóivéadach i ndiaidh do [[Léinín]] an chumhacht a shealbhú. Bunaíodh ar an [[20 Nollaig]] [[1917]] é. I rith na mblianta, is iomaí ainm nua a baisteadh ar ''Cheka'', cosúil le OGPU (''Объединённое государственное политическое управление/Ob'yedinyonnoye gosudarstvennoye politicheskoye upravleniye'' - Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit) sa bhliain 1923, NKGB (''Народный комиссариат государственной безопасности/Narodnyi komissariat gosudarstvennoy bezopasnosti'' - Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit) sa bhliain 1941, MGB (''Министерство государственной безопасности/Ministerstvo gosudarstvennoy bezopasnosti'' - Roinn Slándála an Stáit) sa bhliain 1946, agus araile. Cúrsaí polaitíochta ba chúis leis na hathruithe éagsúla seo. I Márta 1953, chumaisc Lavrentiy Beriya Roinn Slándála an Stáit agus Roinn na nGnóthaí Inmheánacha in aon Roinn amháin (MVD, ''Министерство внутренних дел/Ministerstvo vnutrennykh del'' - Roinn na nGnóthaí Inmheánacha), ach roimh dheireadh na bliana céanna, cuireadh Beriya chun báis, agus scaradh an dá Roinn ó chéile arís. B'ansin a tháinig an KGB ar an bhfód. Bhí an coiste seo ceangailte go dlúth de Chomhairle na nAirí - rialtas an Aontais Shóivéadaigh - agus é ag tabhairt aire do shlándáil inmheánach agus eachtrach an stáit Shóivéadaigh agus ag bailiú faisnéise faoi shicréidí na stát eile. Ar an 5 Iúil 1978, d'athraigh ainm oifigiúil an KGB ó "Choiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh" go "Coiste Slándála Stáit an Aontais Shóivéadaigh", agus rinneadh Aire Rialtais de chathaoirleach an Choiste.
 
Tháinig deireadh le stair an KGB, nuair a bhain an Coirnéal-Ghinearál [[Vladimir Kryuchkov]], Ceannasaí an KGB, leas as acmhainní na seirbhíse slándála san iarracht a rinne seisean agus coimeádaigh eile an Bhiúró Pholaitiúil leis an gcumhacht a sciobadh ó [[Mikhail Gorbachev]] i Mí Lúnasa [[1991]]. Thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, agus caitheadh Kryuchkov i dtóin an phríosúin. Chuaigh an Ginearál Vadim Bakatin i gceannas ar an KGB, agus bronnadh na cumhachtaí air an t-eagras a scor. Ar an 6 Samhain 1991, tháinig dhá sheirbhís slándála nua in áit an KGB, mar atá, an SVR (''Служба Внешней Разведки/Sluzhba Vneshney Razvedki'') nó Seirbhís na Faisnéise Eachtraí, agus an FSB a luadh thuas. Tá an FSB an-chosúil leis an sean-KGB ó thaobh na heagraíochta de.
Líne 10:
Ó lá a bhunaithe, bhí fórsa slándála stáit an Aontais Shóivéadaigh ceaptha "mar chlaíomh is mar sciath chosanta" do Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh agus don réabhlóid Bhoilséavach. I dtús a staire, is iomaí éacht a d'éirigh leis an bhfórsa, nó san am sin, ní raibh córas státslándála na dtíortha eile, cosúil leis [[an Ríocht Aontaithe]] agus na [[SAM|Stáit Aontaithe]], leath chomh dian is a shílfeá, agus mar sin, bhí sé an-fhurasta ag gníomhairí rúnda an Aontais Shóivéadaigh sleamhnú isteach i státseirbhís na dtíortha seo. Is iomaí duine san Iarthar a fuair an idé-eolaíocht [[Cummanachas|Chumannach]] tarraingteach go leor, agus mar sin, bhí na Sóivéadaigh in ann gníomhairí a earcú as measc mhuintir na dtíortha féin. Sampla maith de seo ab ea iad Cúigear Cambridge, is é sin, cúigear [[Sasana]]ch a bhí ag staidéar in [[Ollscoil Cambridge]] nuair a d'earcaigh slándáil stáit an Aontais Shóivéadaigh iad: [[Kim Philby]], Donald Duart Maclean, Guy Burgess, Anthony Blunt agus an cúigiú fear nár haithníodh riamh go foirmeálta.
 
B'é an t-éacht spiaireachta ba mhó a d'éirigh leis na Sóivéadaigh ná gur insíothlaigh siad Tionscadal Manhattan, an tionscadal a bhí ar obair ag na Meiriceánaigh leis an mbuama adamhach a fhorbairt. Bhí beirt fhisiceoirí de chuid an tionscadail, mar atá, Klaus Fuchs agus Theodore Alvin Hall, ag obair do na Sóivéadaigh.
 
Ní hamháin go raibh an KGB agus a réamhtheachtairí ag bailiú faisnéise - bhí siad ag géarleanúint naimhde polaitiúla Stailín fiú i dtíortha inar chreid siad iad féin slán sábháilte. Ina measc siúd, bhí iarsmaí na nGardaí Bána ó laethanta [[Cogadh Cathartha na Rúise|Chogadh Cathartha na Rúise]], a fuair tearmann sna tíortha Iartharacha, nó [[Leon Trotscaí]], a bhí ina bhall den Rialtas Bhoilséavach ar dtús, agus a chuaigh ar deoraíocht go [[Meicsiceo]] nuair a d'éirigh idir é agus [[Stailín]]. D'éirigh leis na Sóivéadaigh spiaire dá gcuid féin, Cumannach óg ón [[An Chatalóin|gCatalóin]] darbh ainm Ramón Mercader, a sheangú isteach i gciorcal aitheantais Throtscaí, agus mharaigh sé an sean-Bhoilséavach le buille piocóide sa chloigeann.
Líne 18:
In imeacht na mblianta, thosaigh an tobar ag trá ar an KGB, áfach. I ndiaidh don Aontas Shóivéadach éirí amach na [[An Ungáir|hUngáire]] a chloí sa bhliain 1956 agus deireadh a chur le hEarrach Phrág sa bhliain 1968, tháinig an tuiscint ag cuid mhór d'aos óg idéalach an Iarthair nach raibh san Aontas Shóivéadach ach tíorántacht bhrúidiúil. Mar sin, ní raibh an oiread sin de mhuintir an Iarthair sásta cuidiú leis an Aontas Sóivéadach a thuilleadh. Sna blianta deireanacha, b'éigean do na Sóivéadaigh airgead a íoc lena gcuid cúlaistíní Iartharacha.
 
== Modh Oibre an KGB ==
 
Mar is gnách do na seirbhísí faisnéise ar fud an domhain, bhí idir fhoireann dhlíthiúil agus fhoireann neamhdhlíthiúil de chuid an KGB ag oibriú i ngach tír choimhthíoch. Bhí na gníomhairí dlíthiúla ag cur gothaí an taidhleora orthu féin, agus díolúine thaidhleoireachta acu ó dhlíthe na tíre sin. Dá bhfaighfeadh údaráis na tíre amach go raibh gníomhaire dlíthiúil ag déanamh spiaireachta, b'é an rud ba mheasa a d'fhéadfadh tarlú dó ná go ruaigfí as an tír sin é agus go gcaithfeadh sé dul abhaile. Maidir leis na gníomhairí neamhdhlíthiúla, ba léir nach raibh díolúine den chineál sin acu, agus dá mbéarfaí orthu, chaithfidís a shéanadh go raibh baint ar bith acu le rialtas an Aontais Shóivéadaigh.
Líne 47:
Bhí gníomhairí an KGB sách minic ag plé leis an gcineál oibre is minicí a shamhlaítear leis na spiairí: ag goid nó ag grianghrafadh caipéisí rúnda agus ag seachadadh faisnéise trí bhoscaí rúnda litreach. Thairis sin, bhain an KGB úsáid fhorleathan as na h''agents provocateurs'', is é sin, gníomhairí a sheangaigh isteach i measc lucht leanúna an duine a bhí le fuadach, le marú nó le clúmilleadh. Bhí siad ag insíothlú na ndreamanna éagsúla polaitiúla freisin: má bhí brúghrúpa éigin an-naimhdeach i dtaobh an Aontais Shóivéadaigh, chothaigh na gníomhairí seo easaontas idir baill an ghrúpa.
 
== Stair an KGB ==
 
Bunaíodh ''Cheka'', nó an Coimisiún Neamhghnách (is é sin, Coimisiún a raibh cumhachtaí neamhghnácha bronnta air) sé seachtaine i ndiaidh [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]]. Bhí sé leis an stát úr Boilséavach a chosaint in aghaidh a chuid naimhde "buirgéiseacha", go háirithe in aghaidh na n[[Gardaí Dearga]]. Ó thús báire, bhí sé de nós ag an gCoimisiún easaontas polaitiúil a chealú tríd na "frithréabhlóidithe" a cheistiú agus a chéasadh go brúidiúil. Ba "frithréabhlóidí" gach duine a rabhthas in amhras faoi, ar ndóigh. Ní ba déanaí, dúirt Léinín féin nach dtiocfadh an stát Boilséiveach slán as tréimhse na héiginnteachta i ndiaidh na réabhlóide, ach go bé go raibh an Coimisiún ann. Ar an 20 Nollaig 1920, cuireadh bun le Rannóg na Faisnéise Coimhthíche, nó INO (''Иностранный отдел/Inostrannyi otdel'') le faisnéis a bhailiú ón gcoigríoch. Baisteadh ainm nua ar an gCoimisiún féin, is é sin, OGPU, nó Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit, agus sin é an t-ainm a choinnigh sé ar feadh na bhfichidí agus na [[1930idí|dtríochaidí]].
 
Bhí oibríochtaí an OGPU ag dul i bhfairsinge sa bhaile agus i gcéin, ach de réir mar a bhí an pharanóia ag dul chun donais ar Stailín, bhí a misneach ag teip ar lucht na rúnseirbhíse. Nuair a bhí Stailín ag rialú na tíre, b'éigean do lucht slándála an stáit "comhchealga" a "nochtadh" nach raibh ann ar aon nós, ach amháin in intinn an deachtóra féin. B'é Stailín féin a dhéanfadh anailis ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na gníomhairí, agus ní raibh aon duine de lucht na rúnseirbhíse féin sách dána le conclúidí a bhaint as an eolas beag beann ar Stailín féin. Na tuairiscí a fuair Stailín le feiceáil, ba mhinic a bhí lucht na rúnseirbhíse tar éis iad a chóiriú agus a dhathú leis an rud ba mhian leis a insint don deachtóir. Sa deireadh thiar, cuireadh cuid mhaith oifigigh de chuid na seirbhíse faisnéise chun báis le linn na bPurguithe Móra faoi dheireadh na dtríochaidí, agus thosaigh an tOGPU go léir ag titim as a chéile. Sa bhliain 1938, cuireadh Genrikh Yagoda chun báis - an t-oifigeach a bhí i gceannas ar an OGPU sna blianta 1934-36 agus a chóirigh na chéad trialacha móra taispeántais. An t-oifigeach a tháinig i gcomharbas ar Yagoda, Nikolay Yezhov, fuair sé an bás céanna sa bhliain 1940. Ar dtús, chuir sé na Purguithe Móra i gcrích, de réir orduithe an deachtóra, agus ina dhiaidh sin, cúisiodh é féin faoi choir éigin nach ndearna sé ar aon nós - díreach mar a rinneadh leis na mílte daoine a maraíodh ar orduithe Yezhov féin.
Líne 67:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha]]
 
Line 113 ⟶ 114:
[[sr:КГБ]]
[[sv:KGB]]
[[th:หน่วยตำรวจลับของสหภาพโซเวียต]]
[[tr:KGB]]
[[uk:Комітет Державної Безпеки]]