An difríocht idir athruithe ar: "Síciatracht"

Content deleted Content added
m robot Adding: arz:طب نفسى
Link Wiktionary def instead
Líne 5:
Déanann síciatrigh áirithe speisialtiacht le hobair le gasúir agus leanaí, le sean-aoisigh, leo siúd atá trioblóid acu a bhaineann le [[drogaí]] nó le [[biotáille]], nó leo siúd atá i dtrioblóid leis an [[dlí]]. Déanann cuid eile speisialacht ag obair le daoine a bhfuil tinnis coirp orthu, nó leo siúd atá i ndiaidh bheith i dtionóisc nó a raibh meall san [[inchinn]] acu a rinne dochar don [[inchinn]].
 
Cuireadh tús leis an gcóras rangú atá inniu againn ag deireadh an 19ú haois, nuair a rinne [[Kraepelin]] na Gearmáine idirdhealú idir [[mire thaghdach]] agus [[dementia praecox]]. Is éard atá i gceist le dementia praecox ná meabharghalar a thosaíonn go luath agus lena dtéann an duine i léig de réir a chéile, go minic le [[wikt:Mealladh|mealladh]] (''delusion'' an Bhéarla) nó [[bréagchéadfa]]í (''hallucinations'' an Bhéarla). Cuireadh leis an obair seo nuair a scríobh faoin hebephrenia agus Kahlbaum faoin katatonia. Freisin, rinne [[Schneider]] cur síos an-úsaideach ar siomptaim an ''dementia praecox'', cur síos a húsáidtear go dtí an lá atá inniu ann. [[scitsifréine]] (Schizophrenia) an t-ainm a thugtar inniu ar an gcuid is mó díobh siúd a mbíodh ''dementia praecox'' orthu.
 
Ba á [[Sigmund Freud]] a chuir an sícanailís ar bun i [[Vín]] na h[[an Ostair|Ostaire]] ag tús an 20ú Aois, córas teiripe a bhí an-tábhachtach i bhforbairt na síciatrachta, agus a bhaintear feidhm fós as, go háirithe ag teiripithe agus ag dochtúirí príobháideacha.