An difríocht idir athruithe ar: "Grianghaoth"
Content deleted Content added
SilvonenBot (plé | dréachtaí) m robot Modifying: eu:Eguzki haize |
m robot Adding: af:Sonwind; cosmetic changes |
||
Líne 1:
[[
Is éard is '''grianghaoth''' ann ná an sruth de cháithníní luchtaithe atá ag teacht as an n[[An Ghrian|Grian]] agus á scaipeadh amach sa spás. An chuid is mó de na cáithníní seo, is [[leictreon|leictreoin]] agus [[prótón|prótóin]] iad, agus faigheann gach ceann acu timpeall ar aon [[leictreonvolta]] amháin [[fuinneamh|fuinnimh]] ón nGrian nuair a fhágann sé í. Tá na cáithníní in ann éalú ó [[imtharraingt]] na Gréine, agus an fuinneamh sin á dtiomáint. Faigheann siad cuid den fhuinneamh sin i g[[coróin na Gréine]], toisc go bhfuil sí an-te, ach níltear ábalta go fóill an chuid eile den fhuinneamh a mhíniú go sásúil.
Líne 15:
Agus iad á scaipeadh amach ón ngrian, cruthaíonn na cáithníní grianghaoithe réigiún ar leith timpeall na Gréine agus an ghrianchórais - réigiún a dtugtar [[héilisféar]] air. Is é an [[héileastad]] teorainn an héilisféir. Ar imeall an héilisféir atá an héileathruaill. Is í an héileathruaill an chuid den héilisféar atá faoi thionchar na sruthanna sa mheán idir-réaltach, ionas nach bhfuil sí sféarúil a thuilleadh. Sa chuid inmheánach den héilisféar, tá an ghrianghaoth ag gluaiseacht go gathach i ngach treo. San áit a mbuaileann an ghrianghaoth faoin héileathruaill cruthaítear tonnta turrainge, agus tugtar [[turraing foirceanta]] ar an áit sin.
== Réaltghaoth ==
[[Réaltghaoth]] a thugtar ar "ghrianghaoth" na réaltaí go ginearálta. Bíonn an réaltghaoth an-éagsúil ag réaltaí difriúla. Na fathachréaltaí dearga, bíonn siad ag cailleadh maise go tiubh leis an réaltghaoth agus iad ag druidim le deireadh a ré. Is minic a iompaíonn fathachréaltaí den chineál seo ina n-abhacréaltaí bána in áit pléascadh ina n-ollnóvaí, toisc go bhfuil an iomarca maise caillte acu ag an gcéim seo.
{{Síol-réalteolaíoch}}
[[Catagóir:An Ghrian]]
[[af:Sonwind]]
[[ar:رياح شمسية]]
[[az:Günəş küləyi]]
|