An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Fheirtéaraigh"
Content deleted Content added
m spás |
No edit summary |
||
Líne 13:
}}
Sráidbhaile in Éirinn is ea '''An
==Ainm==
Tugtar ''Baile an Fheirtéaraigh'' air in ómós do na Feirtéaraigh, Gael-Normannaigh a chuir fúthu in [[Ard na Caithne]] agus na [[meánaois]]eanna ag druidim chun deiridh. Tá clú agus cáil ar an bhfile [[Piaras Feiritéar]] fós. Scríobh sé an dán ''Leig díot t’airm, a mhacoimh mná''. Chuir na Gaill Feiritéar chun báis go fealltach i g[[Cill Airne]] sa bhliain 1653. Tá an t-ainm ''An
==Suíomh==
Tá an sráidbhaile suite i ngar do [[Cruach Mhárthain|Chruach Mhárthain]] (cnoc gar do Chuan Ard na Caithne) i gCorca Dhuibhne, ar an mbóthar réigiúnach R559. Is féidir taistil timpeall iarthair na leithinse ar an mbóthar seo. Tá tús agus deireadh an bhóthair suite i mbaile [[Daingean Uí Chúis |an Daingin]]. Tá Baile an Fheirtéaraigh, ar an R559, Cuaird Cheann Sléibhe, agus is é seo an lonnaíocht is mó taobh thiar de bhaile an Daingin, atá thart ar 10 ciliméadar uaidh. Tá an Buailtín suite ag bun Chruach Mhárthain, agus éiríonn an tír oscailte agus íseal ar thaobh na farraige den bhóthar ar an taobh ó thuaidh. Ar feadh na mbealaí isteach go dtí an baile is iomaí radharc breá atá le fáil ar Chuan Ard na Caithne, ar an Triúr Deirféaracha thoir, agus ar Cheann Sibéal thiar.
==An baile==
Ionad seirbhísí don cheantar tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile, agus is stad tábhachtach do thurasóirí é ar Chuaird Cheann Sléibhe. Tá
(Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo - ceann d’fhochomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne<ref>http://www.cfcd.ie/oidhreacht/</ref>). Tá roinnt tithe lóistín (Leaba is Bricfeasta) agus forbairtí tithe saoire ar an mBuailtin agus sa cheantar máguaird. Tá an t-aon siopa ar an msráidbhaile suite tamall siar an bóthar ón sráidbhaile. Is iomaí scoláire a thagann go dtí an sráidbhaile le linn an tsamhraidh chun freastal ar chúrsaí Gaeilge ag an mbunscoil. Tá tigh ag [[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] sa sráidbhaile dá mhic léinn. Dún Chíomháin is ainm dó agus tá sé suite taobh ó thuaidh de Bhaile an Fheirtéaraigh.
Is féidir carranna a pháirceáil os comhair na scoile, agus ar dhá thaobh na sráide. Faoi láthair tá soláthar maith soir siar do choisithe ar an taobh thuaidh agus ar
an taobh theas de Bhaile an Fheirtéaraigh.
==Daonra==
Tá Baile an Fheirtéaraigh suite laistigh de na toghranna ceantair Dún Urlann agus Márthain. Tá daonra na dtoghranna seo tar éis méadú de bheagán ó 1996, bliain a raibh daonra de 599 duine iontu, go dtí 665 sa bhliain 2002 agus 727 sa bhliain 2006. Úsáideann thart ar 70 nó 75% de mhuintir an cheantair [[an Ghaelainn]] go laethúil de réir an daonáirimh.
Ba í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta ar leith ba mhó i dToghranna Ceantair Dhún Urlainn agus i Márthain tráth, ach anois fágann tionscal na déantúsaíochta an talmhaíocht sa dara háit. I rith shéasúr na turasóireachta bíonn earnálacha na
turasóireachta agus na seirbhísí ina bhfoinse thábhachtach fostaíochta freisin.
==Stair==
Tá [[Dún an Óir]] suite idir An
D’fhás Baile an Fheirtéaraigh go líneach soir-siar ar feadh an R559. Tá sráid-dreach láidir thaitneamhach i gcroí Bhaile an Fheirtéaraigh ar an taobh thiar, ach baineann carachtar nios scaipthe leis an mbealach isteach sa sráidbhaile ón taobh thoir. Is léir gur mhéadaigh an tithíocht Rialtais Áitiúil a tugadh le déanaí an sráid-dreach ar an taobh thoir, ach blas bruachbhailteach atá ar an bhforbairt tithíochta ag Na Cluainte le déanaí. Tá forbairt ribíneach tar éis tarlú ar feadh na mbóithre isteach chun Bhaile an Fheirtéaraigh, agus ar an taobh ó dheas den bhóthar i dtreo Dhún Chaoin don chuid is mó. Tá roinnt forbartha tar éis tarlú ar an mbóthar go Baile an Fhianaig, thar an séipéal, ach tá sé i gceist go mbeadh srian le tuilleadh forbartha ar feadh an
bhóthair seo, mar gheall ar leithead agus ailíniú an bhóthair, agus mar gheall ar airde na dtailte san áit seo.
==Timpeallacht Nádúrtha==
Tá Limistéar ainmnithe Oidhreachta Náisiúnta ar an taobh thuaidh agus taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh. Is é atá san LON seo ná Dumhcha agus Riasca Chuan Ard na Caithne.
==Oidhreacht Seandálaíochta==
Tá an sráidbhaile suite i gceantar ina bhfuil saibhreas seandálaíochta, agus deirtear go bhfuil an Buailtín lonnaithe sa mhíle cearnach is saibhre oidhreachta Críostaí in Éirinn. Tá séadchomhartha taifeadtha, Ke042 088, ann, uaimh thalún ag an nGort Mór.
==Tagairtí==
{{reflist}}
==Naisc sheachtracha==
*[http://www.beo.ie/index.php?archive_id=45&page=archive_content Alt de chuid beo.ie faoi Chorca Dhuibhne]
[[Catagóir:Bailte i gContae Chiarraí|Fheirtéaraigh, Baile an]]
|