An difríocht idir athruithe ar: "Günter Grass"

34 bytes added ,  11 bliain ó shin
m
robot Adding: el:Γκίντερ Γκρας; cosmetic changes
m (robot Adding: csb:Günter Grass)
m (robot Adding: el:Γκίντερ Γκρας; cosmetic changes)
[[Scríbhneoir]] comhaimseartha is ea é '''Günter Wilhelm Grass''' (rugadh [[16 Deireadh Fómhair]] [[1927]] é) a bhain amach [[Duais Nobel sa Litríocht]] mar gheall ar a chuid leabhar as [[Gearmáinis]]. Rugadh i [[Gdan'sk|Danzig]] é, ach nuair a thit an chathair sin leis na Polannaigh i ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], shocraigh sé síos in Iarthar na Gearmáine. Mar sin féin, is í cathair a óige is ábhar don chuid is mó dár scríobh sé. Is é an t-úrscéal úd ''Die Blechtrommel'' ("An Druma Stáin") is mó a thuill cáil dó ar fud an domhain, nó is féidir a rá gur thug an leabhar sin an réalachas draíochta isteach i litríocht na hEorpa. Bhí suim mhór ag Grass i gcúrsaí polaitíochta riamh, agus é ag tacú le Daonlathaigh Shóisialta na Gearmáine (SPD) ó am go ham.
 
== Saol ==
 
Tháinig Grass chun saoil i Danzig, áit a raibh siopa grósaera ag a mhuintir. Protastúnach Gearmánach ab ea é a athair, Willy Grass (1899-1979), ach ba Chaitliceach í a mháthair, Helene Knoff (1898-1954), agus gaolta Caisiúbacha agus Polannacha aici. Treibh áitiúil Shlavach is ea iad na Caisiúbaigh a bhfuil teanga dá gcuid acu, cé nach saothraítear mórán sa [[litríocht]] í. Tógadh Günter óg leis an gcreideamh [[Caitliceach]], cibé scéal é. Bhí cónaí ag a mhuintir i Langfuhr (inniu, Wrzeszcz, arb é an ceantar is mó daonra i Gdan'sk inniu, agus stáisiún traenach ar leith ansin), cois na sráide úd ''Labesweg'' (inniu, ''[[sráid|Ulica]] [[Joachim Lelewel|Joachima Lelewela]]''). Rugadh deirfiúr dó sa bhliain 1930.
Bhí sé ina Uachtarán ar an [[Berlin Akademie der Künste]] (Acadamh na hEalaíona i mBeirlín) ó [[1983]]-[[1986|86]].
 
I rith an réabhlóid i [[1989]]-[[1990|90]], mholl Grass go gcomeadfaí an deighilt idir an dhá leath den Ghearmáin toisc gur chreid sé go mbeadh sé dosheachanta go n-éireoidh [[an Ghearmáin]] bagarthach ar mór roinn na hEorpa arís, dá naontófaí í.
 
Tá sé aitheanta mar gheall ar a chuid scríbhneoireachta go háirithe ''An Druma Stán'' (''Die Blechtrommel'' a fhoilsíodh i [[1959]]. I [[1961]] foilsíodh an t-úrscéal ''[[Cait agus Loch]]'' (''Katz und Maus'') agus sa bhliain [[1963]] ''[[Blianta Madra]]'' (''Hundejahre''). Tá na trí úrscéal seo bunaithe ar fás an [[Naitsíochais]] i nDanzig.
[[da:Günter Grass]]
[[de:Günter Grass]]
[[el:Γκίντερ Γκρας]]
[[en:Günter Grass]]
[[eo:Günter Grass]]
37,455

edits