An difríocht idir athruithe ar: "Meimfís (An Éigipt)"

Content deleted Content added
m robot Adding: is:Memfis (Egyptalandi)
Naisc
Líne 1:
Tagann '''Meimfís''', ainm [[Gréigis|Gréagach]], ó '''Men-éfer''', an t-ainm [[an Éigipt|Éigipteach]] a bhí ar phirimid [[Pépi]] (an 6ú ríora Éigipteach). Dúirt Héarodatas gur bhunaigh Ménés an chathair timpeall -3100. Meastar gurbh ionann Ménés agus an Rí [[Narmer]], a ndéantar tagairt dó i b[[Pailéad Narmer]]. Ghabh sé siúd [[An Níl|Deilt na Níle]] s[[ansan Éigipt]] Íochtarach agus chuaigh i réim mar Fháró. Tá dáta timpeall - 3000 curtha leis an bpailéad. Bhí an chaithir faoi choimirce an dé Ptah, pátrún na gceardaithe; bhí sí suite i ndeilt na Níle agus í lán de cheardlanna arm.
[[Image:Egypt-Hieroglyphs.jpg|thumb|Iaraiglifí i Meimfís agus dealbh Raimséas II ar a gcúl]]
 
Ba í '''Meimfís''' príomhchathair na Sean-Ríochta go dtí timpeall -2200 agus ar feadh tréimhsí níos giorra sa Ríocht Nua,<ref>Katheryn A. Bard, ''Encyclopedia of the Archaeology of Ancient Egypt'', Routledge 1999, lch.694</ref> agus í ina lárionad riaracháin ó thús.<ref>Lynn Meskell, ''Private Life in New Kingdom Egypt'', Princeton University Press 2002, lch.34</ref><ref>Ian Shaw, ''The Oxford History of Ancient Egypt'', Oxford University Press 2003, lch.279</ref>
 
Tá fothraigh Mheimfís timpeall 20 cm laisteas de [[Caireo|Chaireo]] ar bhruach thiar na Níle.
 
==Ainmneacha Eile==
Sa tsean-Éigiptis tugadh '''Ineb Hedj''' ("Na Ballaí Bána") ar an tír. Bhí ainm eile fós ar Mheimfís: '''Ankh Tawy''' ("Ceangal idir an Dá Thír"), toisc an chathair a bheith suite idir an Éigipt Uachtarach agus an Éigipt Íochtarach.
 
Rinne an staraí Éigipteach [[Manetho]] tagairt do Mheimfís mar '''Hi-Ku-P'tah''' ("Áit anam Ptah"), ainm a scríobh sé i nGréigis mar ''Aί γυ πτoς (Ai-gu-ptos)''. Uaidh seo a tháinig ''Aegyptus'' na Laidine[[Laidin]]e agus ''Éigipt'' na [[Gaeilge]].
 
==Daonra==
Líne 15:
 
==L'Hout-Ka-Ptah: Teampall Mór an Dé Ptah agus a Chuid Leachtanna==
Thug an staraí Gréagach Héarodatas[[Heireadótas]] cuntas ar a bhfaca sé ann: teampall mór a líon leath na cathrach, gan cead isteach sa chuid ba shine de ag an ngnáthdhuine (áit ar thángthas ar dhealbha ríoga lenár linn), agus an chuid eile de i bhfoirm croise. Bhí doirse móra ag na ceithre hairde, agus fuair na seandálaithe dealbha suntasacha ann. Tá a lán dealbh, olldealbh, sfioncsanna, liagán greanta agus píosaí ailtireachta[[ailtireacht]]a bailithe le chéile anois i gclós taispeántais mar iarsmalann amuigh faoin aer; ach tá an mhórchuid de na hiarsmaí le fáil in iarsmalanna móra an domhain.
 
Thug an staraí Gréagach Héarodatas cuntas ar a bhfaca sé ann: teampall mór a líon leath na cathrach, gan cead isteach sa chuid ba shine de ag an ngnáthdhuine (áit ar thángthas ar dhealbha ríoga lenár linn), agus an chuid eile de i bhfoirm croise. Bhí doirse móra ag na ceithre hairde, agus fuair na seandálaithe dealbha suntasacha ann. Tá a lán dealbh, olldealbh, sfioncsanna, liagán greanta agus píosaí ailtireachta bailithe le chéile anois i gclós taispeántais mar iarsmalann amuigh faoin aer; ach tá an mhórchuid de na hiarsmaí le fáil in iarsmalanna móra an domhain.
 
Tá léargas éigin le fáil ar mhaise an tseanteampaill sa chuntas a thug taistealaithe Arabacha ar fhothraigh Mheimfís, nuair a bhí cuid mhaith den áit gan slad go fóill. Chuir taistealaithe éigin síos ar shéipéal suntasach monailiotach a bhí snoite as píosa basailt ghlais, de réir cosúlachta, agus gréas iontach air.
 
Bhí an-tóir i Meimfís ar chultas an dé Apis, hipeastáis bheo de chuid Ptah agus cuma tairbh naofa uirthi. Dúirt na finscéalta go mbíodh an tarbh le feiceáil go rialta sa [[Sean-Éigipt|tsean-Éigipt]] agus sainchomharthaí ar a dhroim.
 
==Príomhchathair na Sean-Ríochta==
Bhí Meimfís, mar sheanphríomhchathair ríoraíoch, ina hoidhre ar ailtireacht agus [[ealaín]] ársa a fuair spreagadh gan stad ó leachtanna na ríthe, agus reiligí ollmhóra ag líonadh an ghleanna thiar le pirimidí[[pirimid]]í, lena gcuid teampall siúd agus leis na háiseanna riaracháin a bhain leo.
 
Bhí Meimfís, mar sheanphríomhchathair ríoraíoch, ina hoidhre ar ailtireacht agus ealaín ársa a fuair spreagadh gan stad ó leachtanna na ríthe, agus reiligí ollmhóra ag líonadh an ghleanna thiar le pirimidí, lena gcuid teampall siúd agus leis na háiseanna riaracháin a bhain leo.
 
Rinneadh saghas ollchathrach de na reiligí go léir, bailte móra agus calaí ag baint léi agus gnóthaí cultais ar siúl inti, agus canálacha ag nascadh na limistéar difriúil le chéile.
Line 31 ⟶ 29:
 
==An Mheán-Ríocht==
 
Sa Mheán-Impireacht aistríodh an phríomhchathair go dtí [[Téibh na hÉigipte|an Téibh]]; níos déanaí aistríodh arís í go dtí áit a bhí in aice le Meimfís. Ba ghnách a leithéid a dhéanamh de réir na reilige a mbeadh ríthe áirithe á gcur.
 
Line 37 ⟶ 34:
 
====An Ríocht Nua====
 
 
Faoin Ríocht Nua ba í Meimfís an fíorlárionad riaracháin agus an phríomhchathair ríoga. Is ann a tugadh oideachas do na prionsaí agus do chlann na huaisle, agus bhí a lán pálás ríoga ann.
 
D'éirigh an tír suaite, agus is iomaí namhaid a rinne ionradh uirthi; gabhadh agus athghabhadh Meimfís. Tháinig [[na Peirsigh]] i réim sa tír agus lean na [[An tSean-Ghréig|Gréagaigh]] iad, agus ní raibh Meimfís ina príomhchathair ina dhiaidh sin, cé go raibh tábhacht léi fós ar shlite eile.
 
==== Memphís Tar Éis na bhFárónna ====
 
Rinne Alasdar[[Alastar Mór]] é féin a chorónú mar Fháró i dTeampall Ptah. Chuaigh duine dá chuid ginearál, [[Tolamaes]], i réim san Éigipt, agus eisean a chuir corp Alasdair á bhalsamú ann tar éis an mórshiúl sochraide a chur ar mhalairt slí d’aonghnó. I Meimfís a cuireadh AlasdarAlastar.
 
Rialaigh sliocht Tholamaes an tír ina dhiaidh nó gur tháinig na Rómhánaigh; ansin ba í Chathair Alastair an chathair ba thábhachtaí. D’imigh [[An tSean-Róimh|na Rómhánaigh]] agus tháinig na hArabaigh; bhí Meimfís go hiontach fós, ach bhí an chathair á bánú de réir a chéile ón [[7ú haois]] amach. Creachadh í ar son a cuid cloch chun na bailte máguaird a thógáil agus a mhéadú; fiú sa [[12ú haois]] bhí dealramh suntasach uirthi, ach ba ghearr nach raibh inti ach fothraigh mhaola agus clocha scaipthe.
 
Nuair a tháinig eolaithe Napoléon ar an gcathair i dtús an 19ú haois ní raibh rompu ach iarsmaí na n-iarsmaí; bhí an-tochailt le déanamh. Ag seo croineolaíocht sheandálaíoch:
 
Nuair a tháinig eolaithe [[Napoléon]] ar an gcathair i dtús an 19ú haois ní raibh rompu ach iarsmaí na n-iarsmaí; bhí an-tochailt le déanamh. Ag seo croineolaíocht sheandálaíoch:
 
* Taighde á dhéanamh de bharr Fheachtas Napoléon san Éigipt sa bhliain 1798, agus an suíomh á dhearbhú;
Line 61 ⟶ 55:
* Sa bhliain 1942 tháinig Ahmed Badawy ar theampall beag de chuid Ptah, agus ar shéipéal agus thuama an phrionsa [[Sheshonq (ardsagart Ptah) |Sheshonq]] agus a mhic [[Takélot (ardsagart Ptah) |Takélot]] (an 22ú ríora);
* Rudolph Anthes de chuid Ollscoil Philadelphie á tochailt ann idir na blianta 1955 agus 1957: tháinig sé ar theampall beag agus chláir bhalsamaithe de chuid an tairbh naofa;
* Tá idir [[seandálaíocht|sheandálaithe]] eachtrannacha agus sheandálaithe Éigipteacha ag obair i Meimfís ón mbliain 1970 i leith, ag teacht ar iarsmaí tábhachtacha agus ag bailiú eolais; fuarthas leachtanna, annálacha agus tuamaí.
 
==Tagairtí==
Line 80 ⟶ 74:
 
* Zivie, Alain-Pierre, ''Memphis et ses nécropoles au Nouvel Empire''. CNRS 1988.