An difríocht idir athruithe ar: "Podchraolachán"

Content deleted Content added
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m robot Modifying: gl:Podcast
m robot Adding: sr:Podkast; cosmetic changes
Líne 1:
Is éard is '''podchraolachán''' ann ná modh oibre le comhaid dhigiteacha mheán - comhaid fhuaime agus físchomhaid - a scaipeadh ar an [[Idirlíon]] trí fhothaí sindeacáitithe le hiad a sheinm ar sheinnteoirí iniompartha meán nó ar [[Ríomhaire pearsanta|ríomhairí pearsanta]]. D'fhéadfá a rá gur saghas cláracha [[raidió]] atá i gceist ach amháin gur tríd an Idirlíon a dháiltear iad, agus gur féidir éisteacht leo ag pé am is rogha leat. Sa [[Gaeilge|Ghaeilge]], is fearr '''podchraoladh''' a thabhairt ar an gcomhad nó ar an ábhar atá sa chomhad, agus '''podchraolachán''' nó '''podchraoltóireacht''' ar an modh oibre, ach úsáideann an [[Béarla]] an téarma ''podcast'' sa dá chiall. An duine a bhíonn ag taifeadadh ábhair i bhfoirm podchraolta agus ag scaipeadh comhad podchraolta, is féidir '''podchraoltóir''' a thabhairt air.
 
== An téarma Gaeilge ==
 
B'é [[Conn Ó Muineacháin]], iriseoir agus [[blag|blagadóir]], a chum an téarma Gaeilge, agus b'eisean fosta a chuir tús leis an bpodchraoltóireacht Gaeilge ina bhlag, ''An tImeall''. Maidir leis an mbuntéarma Béarla, ''podcast'', is comhthruailliú é as an dá fhocal úd ''iPod'' agus ''broadcast''.
 
== An téarma Béarla ==
 
B'é an t-iriseoir Ben Hammersley a chruthaigh an focal Béarla in alt a scríobh sé don nuachtán úd ''[[The Guardian]]'' ar an [[12 Feabhra]], [[2004]]. B'é [[Apple iPod]] an chéad seinnteoir iniompartha ar forbraíodh bogearra (ríomhchlár) podchraoltóireachta lena aghaidh. Ceadaíonn na scripteanna podchraolacháin na comhaid phodchraolta a aistriú go huathoibríoch a fhad leis an ngléas iniompartha i ndiaidh iad a lódáil anuas (a íoslódáil) ón Idirlíon.
 
== Modh oibre an phodchraolacháin ==
 
Is minic a chuireann [[Leathanach gréasáin|leathanaigh ghréasáin]] na bpodchraoltóirí an t-ábhar céanna ar fáil i bhfoirm [[Íoslódáil|íoslódála]] dírí agus [[Beoshruth|beoshrutha]]. Is é an difríocht is tábhachtaí idir iad siúd agus an t-ábhar podchraolta ná gur féidir an podchraoladh a [[Sindeacáitiú|shindeacáitiú]], síntiús a shocrú leis, agus é a lódáil anuas go huathoibríoch nuair a chuirfear ábhar nua ar fáil. Le sin a dhéanamh, ní mór gléas léite fothaí a bheith suiteáilte ar do ríomhaire, agus é in ann [[Fotha (teileachumarsáid)|fothaí]] a léamh sna formáidí [[RSS (fotha)|RSS]] (''Really Simple Syndication'' - Sindeacáitiú Fíorshimplí) nó [[Atom (fotha)|Atom]].
Líne 25:
Is é an cineál teicneolaíocht atá i gceist leis an bpodchraolachán ná "teicneolaíocht an bhrú". Is é sin, is é soláthraí na faisnéise, an podchraoltóir féin, a roghnaíonn na comhaid le haghaidh an fhotha, agus an síntiúsóir ag baint a rogha as na cainéil fotha atá ar fáil. Cé nach mbíonn an t-úsáideoir ag "tarraingt" na gcomhad aonair anuas ón ngréasán, tá blas áirithe de "theicneolaíocht na tarraingthe" ann freisin, nó tá an t-úsáideoir i dteideal síntiús a shocrú leis an iliomad cainéal, nó éirí as a sheansíntiús. Na seirbhísí "brú" a bhí ann ar an Idirlíon roimh lá an phodchraolacháin, cosúil le PointCast, níor cheadaigh siad rochtain chomh forleathan ar ábhar chomh hilghnéitheach.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://imeall.blogspot.com/ an tImeall] - Podchraoladh Gaeilge le Conn Ó Muíneacháin
* [http://www.ansaol.com/ An Saol] - Podchraoladh Gaeilge
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Gréasán Domhanda]]
 
Line 75 ⟶ 76:
[[sk:Podcasting]]
[[sl:Podcasting]]
[[sr:Podkast]]
[[sv:Poddradio]]
[[sw:Podikasiti]]