An difríocht idir athruithe ar: "Itriam"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Naisc |
No edit summary |
||
Líne 9:
|Íomhá=Y-TableImage.png
}}
Is é an t-'''
Fuair an t-itriam a ainm ó Ytterby, sráidbhaile beag sa tSualainn. Trí dhúil eile a bhfuil a n-ainmneacha bunaithe ar Ytterby is ea iad [[teirbiam]], [[itéirbiam]], agus [[eirbiam]]. Miotail tearc-chré iad go léir. Ba é an ceimiceoir Fionlannach [[Johan Gadolin]] a d'aithin an chéad uair gur dúil ar leith a bhí i gceist leis an itriam, sa bhliain 1794. Thit sé ar chrann an cheimiceora Ghearmánaigh Friedrich Wöhler an dúil nua a aonrú ina miotal glan, sa bhliain 1828.
Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an itriam, cosúil lena lán miotail tearc-chré eile. Le fírinne, is ar éigean is féidir uimhreacha ocsaídiúcháin eile a aithint aige. Comhdhúile tipiciúla iad an trí-ocsaíd dé-itriam, Y<sub>2</sub>O<sub>3</sub>, an trífhluairíd itriam YF<sub>3</sub>, an tríchlóiríd itriam YCl<sub>3</sub> agus an tríbhróimíd itriam YBr<sub>3</sub>. Amach ón bhfluairíd agus ón [[Aigéad ocsalach|ocsaláit]], bíonn na salainn itriam sothuaslagtha san uisce - an níotráit itriam Y(NO<sub>3</sub>)<sub>3</sub>, an tsulfáit itriam Y<sub>2</sub>(SO<sub>4</sub>)<sub>3</sub>, an trí-iaidíd itriam YI<sub>3</sub> san áireamh.
Cé go dtugtar "miotal tearc-chré" ar an itriam, níl sé chomh tearc sa dúlra is a shílfeá: tá sé ar an 28ú dúil is coitianta i screamh an Domhain, agus é 400 oiread níos coitianta ná an t-[[Airgead (dúil)|airgead geal]]. Tá sé deacair itriam a dhealú ó na lantainídí, go háirithe na lantainídí troma, bíodh is go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na lantainídí go léir. Is iad na mianraí is tábhachtaí mar fhoinse itriam ná an [[monaisít|mhonaisít]], an [[xéinitím]], an t[[samairscít]] agus an [[feargasainít|fheargasainít]].
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
|