An difríocht idir athruithe ar: "Itriam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
 
Cé go dtugtar "miotal tearc-chré" ar an itriam, níl sé chomh tearc sa dúlra is a shílfeá: tá sé ar an 28ú dúil is coitianta i screamh an Domhain, agus é 400 oiread níos coitianta ná an t-[[Airgead (dúil)|airgead geal]]. Tá sé deacair itriam a dhealú ó na lantainídí, go háirithe na lantainídí troma, bíodh is go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na lantainídí go léir. Is iad na mianraí is tábhachtaí mar fhoinse itriam ná an [[monaisít|mhonaisít]], an [[xéinitím]], an t[[samairscít]] agus an [[feargasainít|fheargasainít]].
 
Is iomaí úsáid a bhaintear as an itriam: le dath dearg a chruthú sna teilifíseáin daite; i leictreoidí na spréachphlocóidí; agus i gcóimhiotail - le cupla sampla a lua.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]