An difríocht idir athruithe ar: "Incigh"

Content deleted Content added
m robot Adding: bat-smg, bg, bn, cs, cy, el, eu, fy, gl, hi, hr, hu, id, la, sk, sl, sw, ta, th, trModifying: ca, es, fa, it, lt, pl, pt, qu, ru, zh
Líne 65:
==Cultúr na nInceach==
 
Mar a thuigtear dúinn inniu, ní raibh teanga scríofa ag na hIncigh. Bhain siad úsáid as sreangáin shnaidhmthe a dtugtaí ''quipu'' ([[Spáinnis]]) nó ''khipu'' ([[Ceatsuais]]) orthu, ach is dócha nach scríbhneoireacht a bhí iontu ach gléas le cuimhne a choinneáil ar eolas uimhriúil cosúil le staitisticí daonra nó a leithéid. Ceird speisialtóra ab ea é tuiscint a bhaint as an ''quipu'' - thugtaí ''quipucamayoc'' (Spáinnis) nó ''khipu kamayuq'' (Ceatsuais) ar a leithéid de speisialtóir. Bhí na staraithe agus na seanchaithe ag úsáid sreangáin ''quipu'' freisin nuair a bhí siad ag reic scéalta faoi na laethanta a bhí.
 
Bhí ailtireacht na hInceach an-fhorbartha. Ba nós leo na clocha a chur in oiriúint dá chéile go mionchruinn gan suimint ná moirtéal a úsáid - ''eisléireacht'' a thugtar ar an gcineál seo bríceadóireacht. Bhí na hIncigh ábalta úsáid a bhaint as an moirtéal chomh maith, ach ba é an dearcadh a bhí acu ná gurbh í an eisléireacht an dóigh ab fhearr le ballaí a thógáil a mbeadh teacht aniar iontu - ní rachaidís i dtuilleamaí an mhoirtéil ach amháin le struchtúir shealadacha a chur i dtoll le chéile faoi dheifir. Níorbh iad na hIncigh féin a d'fhorbair teicníocht na heisléireachta mar sin, nó b'as Tiwanaku (Tiahuanaco) i mBolaiv an lae inniu a d'iompórtáil siad na saoir chloiche leis an obair a dhéanamh. Bhláthaigh sibhialtacht Tiwanaku roimh lá na nInceach féin.
 
Bhí lámh mhaith ag na ceardaithe Inceacha ar an ór freisin, ach níl mórán iarsmaí fágtha dá sciliúlacht inniu. Leáigh na ''[[Conquistadores]]'' an chuid is mó de dhealbha óir na nInceach le [[Tinne óir|tinní]] a dhéanamh díobh, ionas nach bhfuil ach cúpla ceann acu fágtha le feiceáil sna músaeim.