An difríocht idir athruithe ar: "Réaltbhuíon"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cnuasach réaltaí mar a fheictear sa spéir é - sin réaltbhuíon. Bíonn na réaltaí faoi ghluaisne an t-am ar fad, ach bíonn siad chomh fada sin amac...'
 
No edit summary
Líne 1:
Cnuasach [[réalta|réaltaí]] mar a fheictear sa [[spéir]] é - sin réaltbhuíon. Bíonn na réaltaí faoi ghluaisne an t-am ar fad, ach bíonn siad chomh fada sin amach uainne nach mbíonn a gcuid gluaisne coibhneasta le brath, agus mar sin is ionann na cnuasaigh réaltaí sa spéir leis na mílte bliain. Ní hionann mar sin, an fad amach uainn a bhíonn gach uile réalta i réaltbhuíon ar bith.
 
Tugadh ainmneacha ar chnuasaigh ar leith i gcaitheamh na gcéadta bliain; cuir i gcás, '[[An Camchéachta]]', 'An Mathún Mór', 'Oiríon', 'An Phléadach', agus a lán eile. [[Réalteolaí|Réalteolaithe]] an lae inniu - is é rud a roinneann siad an spéir ina 88 d'achair rialta - de chearnóga agus de dhronuilleoga, is é sin. Réaltbhuíonta a thugtar ar na rannóga seo, agus is minic a choimeádtar na seanaimneacha orthu.